Tá oíche eolais do chumainn ghaelacha a eagrú ag Glór na nGael ina ndéanfar scéim deontais do chumainn a sheoladh, i measc ábhar eile.
Oíche Mháirt, 4ú Deireadh Fómhair ag 7:00in a bheas an ócáid ar líne trí Zoom, ina mbeidh plé ar na hábhair seo:
- ‘Pleanáil sa Chumann don Bhliain Ollscoile’, le Grian Ní Dhaimhín
- Scéim Deontais Ghlór na nGael do Chumainn Ghaelacha
- Seoladh sraith nua podchraoltaí le Caoimhe Ní Chathail
- ‘Buaiteoirí Chomórtas Ghlór na nGael 2022’ Insíonn Katie Halpin-Hill, An Chuallacht, Coláiste na hOllscoile Corcaigh, mar a bhuaigh siad comórtas na bliana seo.
- agus tuilleadh!
Beidh eolas tábhachtach a roinnt againn ar an oíche faoi Chomótas Ghlór na nGael 2023 agus faoin scéim nua deontais.