Site logo

Ócáid fógartha príomhbhuaiteoir Chomórtas Ghlór na nGael 2019

Is cúis áthais do Ghlór na nGael go mbeidh ar chumas Cathaoirleach na heagraíochta, Pat Carey, buaiteoir Chomórtas Náisiúnta Ghlór na nGael 2019 a fhógairt, ar an 21 Bealtaine 2020, ag 4.00i.n, i gcuideachta Uachtarán na hÉireann, Mícheál D Ó hUigínn.

Déanfar buaiteoir an €20,000, urraithe ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta agus Trófaí Fhoras na Gaeilge, a fhógairt ar chlár beo a chraolfar ar leathanach Facebook Ghlór na nGael agus Molscéal, TG4.  

Is iad na coistí atá ar ghearrliosta an mbuaiteoirí ná;

  1. Ionad Naomh Pádraig, Dobhair, Co Dhún na nGall
  2. Cultúrlann McAdam Ó Fiaich, Bóthar na bhFál, Béal Feirste
  3. Coiste Forbartha Charn Tóchair, Co Dhoire
  4. Cairde Teo, Ard Mhacha

5 Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne/Oidhreacht Chorca  
Dhuibhne, Co Chiarraí

Fógrófar freisin buaiteoirí chomórtas na gCumann Gaelacha sna hInstitiúidí Tríú Leibhéal ar an gclár. Is í An Roinn Oideachais agus Scileanna atá mar urra ar an gcomórtas seo agus is iad na Cumainn Gaelacha a bhí i gcomórtas don duaischiste €10,000 ná;

  1. An Cumann Gaelach, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath
  2. An Cumann Gaelach, Ollscoil na Ríona, Béal Feirste
  3. Cuallacht Cholmcille Mhaigh Nuad, Co Chill Dara
  4. An Cumann Gaelach, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh
  5. An Cumann Gaelach, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath
  6. An Cumann Gaelach, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh
  7. An Cumann Gaelach, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath

San áireamh ar an chlár beo seo beidh agallaimh le daoine éagsúla, Uachtarán na hÉireann – Mícheál D Ó hUiginn, ionadaí ó choiste an bhuaiteora agus an Cumann Gaelach, ina measc.   

Tá muid buíoch do Sheamús Ó Scanláin ó RTÉ Raidió na Gaeltachta a fheidhmeoidh mar fhear an tí don ócáid.