Site logo

Ócáid Bhronnta GRADAIM 2022

Beidh an chéad ócáid bhronnta bhliantúil de chuid GRADAIM Gnó na hÉireann, ina ndéanfar ceiliúradh ar shaothar na ngnólachtaí, le tarlú i mí na Samhna.

Bronnfar comharthaí GRADAIM ar 85 gnólacht ag mórócáid i Halla na Cathrach, Baile Átha Cliath ar an 15ú Samhain 2022. Beidh boinn óir, airgid agus cré-umha le bronnadh ar na gnólachtaí i dtrí réimse (Comharthaíocht, Margaíocht agus Brandáil, Seirbhís i nGaeilge) mar thoradh ar phróiseas mheasúnaithe na scéime, a tharla le linn mhí Mheán Fhómhair.

Cuirfidh comharthaí GRADAIM le fios don phobail cén saghas seirbhíse agus comharthaíochta Gaeilge is féidir bheith ag súil leis ó na gnólachtaí rannpháirtacha. De bharr phróiseas chuimsitheach mheasúnaithe Glór na nGael, is féidir leis an phobal bheith cinnte go bhfuil an t-eolas seo cruinn, deimhnithe go neamhspleách agus cothrom le dáta.

Is scéim aitheantais náisiúnta don Ghaeilge sa ghnó é GRADAIM Gnó na hÉireann.

Comments

  • No comments yet.
  • Add a comment