Tháinig dream díograiseoirí Gaeilge as gach cearn de Chontae Liatroma le chéile ar na mallaibh nuair a reáchtáladh an t-imeacht bliantúil Tionól Liatroma ag clubtheach Gaeil na hAilne CLG i nDroim Sheanbhó. Bhí Glór na nGael i measc an tinrimh shláitiúil le tacú le forbairt na Gaeilge sa chontae. I measc na rudaí a bhí faoi chaibidil, labhraíodh faoi fhéidearthachtaí an Ghaelscolaíocht a fhorbairt níos mó sa chontae, cúrsaí Gaeilge sna scoileanna Béarla, an obair atá ar siúl ag grúpaí Gaeilge ar fud an chontae agus an tacaíocht atá ar fáil ó na heagraíochtaí náisiúnta Gaeilge, Glór na nGael ina measc.
Faoi láthair, tá Glór na nGael ag tacú le dhá chlub CLG sa chontae leis an Ghaeilge a chur chun cinn mar chuid dá gclár oibre féin. Bronnadh aitheantas náisiúnta ar Ghleann an Chairthe-Cluainín CLG anuraidh mar chuid den scéim Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha. Bhí siad ar an chéad chlub sa chontae leis an aitheantas do chur chun cinn na Gaeilge a bhaint amach ó 2018. Tá Naomh Muire, Cill Tochairt cláraithe leis an scéim chomh maith agus súil acu an t-aitheantas céanna a bhaint amach ag ócáid náisiúnta bronnta a bheas ar siúl i mí na Nollag i bPáirc an Chrócaigh. D’éirigh leis an chlub deontas a fháil ón scéim i mbliana le cuidiú leo cur le feiceálacht agus le foghlaim na Gaeilge sa chlub. Má tá spéis ag club ar bith eile i Liatroim clárú leis an scéim agus cur isteach ar mhaoiniú le cur le feiceálacht, foghlaim nó úsáid na Gaeilge sa chlub, is féidir teagmháil a dhéanamh le seanom@glornangael.ie.
Tugann Glór na nGael tacaíocht fosta do thuismitheoirí atá ag tógáil páistí le Gaeilge chomh maith le grúpaí tuismitheoirí agus leanaí. Bronnadh duais de €1000 le déanaí ar an ghrúpa Tae agus Play atá lonnaithe i gCluainín agus a thacaíonn le teaghlaigh an cheantair atá ag tógáil a gcuid páistí trí Ghaeilge. Bíonn tacaíocht ar fáil do ghnóthaí chomh maith leis an Ghaeilge a thabhairt isteach mar chuid de sheirbhís an ghnó. Tá gnó amháin i Maothail ag baint leasa as an scéim seo agus cuirfear fáilte mhór roimh aon ghnó eile atá lonnaithe sa chontae clárú leis an scéim trí theagmháil a dhéanamh le brian@glornangael.ie.