Site logo

Moltóirí Ghlór na nGael ar an mBóthar

Tá tús curtha le moltóireacht Chomórtas Ghlór na nGael inniu agus na moltóirí ag tabhairt cuairt ar chaoga coiste pobail ó cheann ceann na tíre. Tugann na cruinnithe moltóireachta deis do na coistí toradh obair na bliana a chur i láthair na moltóirí.  Tá coistí Ghlór na nGael go háitiúil rangaithe de réir daonra an cheantair ina bhfuil an coiste ag feidhmiú. Is duaischiste de breis is €80,000 atá ag Glór na nGael i 2017, agus bronnfar é seo ag searmanas ar an 10ú Márta 2018 in Óstán Glasson, Co. na hIar Mhí.

Is cúis áthais dúinn a fhógairt go bhfuil dhá dhuais nua againn i mbliana, le dhá urra nua ag tacú le hobair na gcoistí.
Duais An Timire €750 – ag cur cúrsaí spioradáltachta chun cinn trí Ghaeilge agus ag neartú an Phobail Chríostaí. urraithe ag an iris, An Timire.
Duais an Oireachtais €500 – duais a rachaidh chuig coiste atá ag forbairt Ghréasáin Úsáidte Gaeilge , bíodh sin ina Chlub Léitheoireachta, Siúlóide, 7rl.

I mbliana, chomh maith, tá méadú tagtha ar Dhuais Ógras go €1,000. Tá Duais Ógras dírithe ar chlubanna óige de chuid Ógras.

Is mór againn na duaiseanna nua seo a chuireann leis an liosta Duaiseanna Speisialta eile atá againn le blianta fada.

Guímid turas slán ar na moltóirí, agus gach rath ar na coistí atá páirteach sa chomórtas i mbliana.

Tuilleadh eolais ó Nóra Welby, Bainisteoir nora@glornangael.ie 00353872518175