Moltóireacht na Fondúireachta ag tosach go luath!

Tá foireann Ghlór na nGael ag obair i dtreo bronnadh Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha na bliana seo, atá ag tarlú i bPáirc an Chrócaigh ar an Aoine, an 29 Samhain.

Is é ag an am seo den bhliain a dhéantar na socruithe i dtaobh na boinn a mbronnfar i mbliana. Tá oifigigh forbartha Ghlór na nGael amuigh ag bualadh leis na clubanna faoi láthair, agus ag cuidiú leo réiteach don mholtóireacht náisiúnta, a tharlóidh idir an 14-25 Deireadh Fómhair. Déanfar an mheasúnú don bhonn cré-umha le linn na cruinnithe seo, agus rachaidh na clubanna ar mhaith leo cur isteach ar bhonn airgid nó óir ar aghaidh chuig an mholtóireacht náisiúnta. Le linn na moltóireachta náisiúnta rachaidh baill d’fhoireann Ghlór na nGael, i gcomhar ionadaithe ón Choiste Náisiúnta Gaeilge CLG, timpeall na tíre ar chuairt chuig na clubanna, áit a mbuailfidh ionadaithe an chlub leis na moltóirí le obair na bliana a phlé leo.

Ó cuireadh tús le Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha in 2017 tá 306 bonn bronnta ar chlubanna CLG na tíre seo mar aitheantas ar an obair a dhéanann siad ar son na Gaeilge.
Ina measc bronnadh 23 bonn óir, rud a léiríonn an caighdeán atá leis na boinn óir agus an luach a bhaineann leo. Bronnadh bonn óir ar Bhaile an Doirín CLG don dara uair anuraidh, iarchlub Sheosaimh Mhic Dhonncha, agus an t-aon chlub sa tír a fuair bonn óir don dara uair.

Is aitheantas iad na boinn ar an obair leanúnach a dhéanann clubanna na Fondúireachta le linn na bliana le spás a chinntiú don Ghaeilge ina gcumainn. I measc na tograí atá idir lámha de bharr tacaíocht Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha tá seisiúin scéalaíochta do theaghlaigh, ceardlanna amhránaíochta, cumainn óige, ranganna Gaeilge do dhaoine óga agus fásta, agus réimse leathan imeachtaí shóisialta. Cinntíonn Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha go bhfuil aird an chumann dírithe ar an teanga agus an luach a bhaineann léi, agus tugann sé treoir leanúnach do choiste an chumainn i dtaobh clár oibre teanga bhunaithe a chur chun tosaigh.

Má tá suim ag do chlub tuilleadh a fhoghlaim faoi Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha, bí i dteagmháil linn. Gabh ar shuíomh Ghlór na nGael: https://www.glornangael.ie/clg/ nó seol ríomhphost chugainn ag clg@glornangael.ie 

 

Roghnaigh do theanga / Choose your language