Site logo

Moltóireacht Chomórtas Glór na nGael faoi lán seoil !

Tá tús curtha le camchuairt mholtóirí Chomórtas Glór na nGael an seachtain seo agus iad ag taisteal timpeall na tíre le coistí agus grúpaí pobal a chur faoi mholtóireacht do Chomórtas Ghlór na nGael.

Trí fhoireann atá amuigh ag bualadh le 40 coiste sna rannóga: Coistí Gaeltachta, bailte le daonra suas go dtí 4000, bailte le daonra idir 4000 agus 20000 agus bailte le daonra níos mó ná 20000 duine.

Tá ós cionn €85000 i nduaischiste 2018. Fógrófar na buaiteoirí sa bhlian úr.

Lean iad ar facebook: https://www.facebook.com/glornangael/