Tá cinneadh tógtha ag Glór na nGael go mbeidh moltóireacht ar na cumainn 3ú Leibhéal ag dul ar aghaidh an tseachtain seo ‘ar-líne’. Rachaidh sráith cruinnithe ar-líne ar aghaidh ar an Déardaoin agus Aoine seo (12-13 Márta), agus fógrófar torthaí an chomórtais bunaithe ar na cruinnithe agus ar leabhair ghearrthóg na gcumann, amach anseo. Rinneadh teagmháil leis na cumainn 3ú leibhéal inné leis an cinneadh a mhíniú agus amchlár a atheagrú.
Dúirt Lorcán Mac Gabhann go bhfuil Glór na nGael airdeallach ar rioscaí do bhall-chumainn an chomórtais a laghdú agus ghuígh sé gach ráth ar na mic-léinn agus na moltóirí do na laethanta romhainn.