Site logo

Miondeontas do Ghníomhaíochtaí Gaeilge Thar Lear

Cuireann Glór na nGael fáilte roimh iarratais ar mhiondeontas do thionscnamh leis an Ghaeilge a chur chun cinn i measc pobal na Gaeilge thar lear.

Caithfidh na gníomhaíochtaí tarlú idir seo agus 30 Meitheamh 2017. Cuirfear fáilte roimh iarratais ó ghrúpaí nach raibh páirteach roimhe seo i scéim Global Gaeilge, ‘sé sin iontrálaithe nua, chomh maith le grúpaí fad bhunaithe, agus imircigh nua.

Tugann Global Gaeilge tacaíocht do phobail Éireannacha thar lear trí mhaoiniú a thabhairt d’eagraíochtaí agus do thionscadail neamhbhrabúis. Ligeann sin dúinn naisc níos straitéisí a fhorbairt leis na hÉireannaigh ar fud an domhain, agus tacú le tógail cumais na bpobail sin.

Is iad na critéir don deontas:

Caithfidh na hiontrálaithe agus an imeacht a bheith taobh amuigh d’Éirinn;

Is imeacht nó togra trí Ghaeilge amháin a bheidh i gceist. D’fhéadfaí táille teagascóra, cíos do láthair imeachta, campa, dianchúrsa, tumchónaí, bolscaireacht agus riaradh srl a bheith clúdaithe. 

Caithfidh an t-iarratas don tarna babhta seo a bheith ag Glór na nGael roimh 7 Aibreán 2017. Ní mheasfar iontrálacha a thagann tar éis don dáta seo. Is scéim teoranta í seo agus d’fhéadfaí nach mbeadh a dhóthain airgid chun iarratais mhaithe a mhaoiniú dá mbeadh an ciste caite roimh sin. Moltar iarratais a chur isteach chomh luath agus is féidir.

Ceadófar maoiniú ar bhonn tosaíochta agus na critéir thuas sásaithe.

Ní ghlacfar le costais taistil ná béiltí, agus ní íocfar deontas d’imeacht atá á mhaoiniú, go hiomlán nó mar chuid de chlár maoinithe eile ag an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Tradála nó ó rannóg rialtais eile de chuid Rialtas na hÉireann.

Ní ghlacfar le hiarratais ó dhaoine aonaracha: grúpa agus coistí neamhbhrabúis amháin atá incháilithe.

Níl cead maoiniú a úsaid ar mhaithe le:

  • Staidéar nó taisteal pearsanta thar lear
  • Aisíoc fiacha
  • Gníomhaíochtaí páirtí polaitíochta
  • Gníomhaíochtaí trachtála
  • Coisir/Imeachtaí Nollaig
  • Ceannachán tomhaltáin iniompartha leictreonach.
  • Ceannacháin duaiseanna
  • Costaisí freastal ar imeachtaí Ambasáide nó Consalachta
  • Costais ballraíochta
  • Costais taistil agus cothbhála d’ealaíontoirí, taibheoirí nó aoíchainteoirí

Tá na deontais seo á sholáthar le cúnamh le ón Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála trí mhaoiniú an Clár Tacaíochta Eisimearcach.

Is féidir foirm iarratais Global Gaeilge a fháil tríd ríomhphost a chur chuig:

                                feargal@glornangael.ie

Tá tuilleadh eolais ar fáil ó Ghlór na nGael ag 

                                eolas@glornangael.ie

                                www.glornangael.ie

                                  +353 46 943 0974