Site logo

Maoiniú do 12 club CLG – Teanga Tí

Is cúis áthais do Ghlór na nGael a fhógairt gur éirigh le 12 club CLG ina n-iarratais maoiniú a fháil le grúpaí Teanga Tí a bhunú taobh istigh de na clubanna.

Is fiontar breise é seo a éiríonn as Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha, comhthionscadal idir Glór na nGael agus an Cumann Lúthchleas Gael.

Agus é ag gabháil comhghairdeas leis na clubanna ar éirí leo, dúirt Marcas Mac Ruairí, Bainisteoir Teanga Tí de chuid Ghlór na nGael: “Is í aidhm na Fondúireachta na go mbeidh an Ghaeilge fite fuaite in imeachtaí uile clubanna CLG. 

“Is fiontar ar leith í an scéim Teanga Tí leis an Ghaeilge a fhorbairt i measc teaghlaigh an chlub agus dóchas againn go mbeidh an Ghaeilge mar theanga sa bhaile ag na rannpháirtithe sin.”

Is iad na clubanna ar iarraidh leo an deontas de €1,000 a fháil ná:

  1. CLG Átháin, Luimneach
  2. CLG Beart, Dún na nGall 
  3. CLG Cill Chomáin, Maigh Eo 
  4. CLG Daingean Uí Chúis, Ciarraí
  5. CLG Lios Póil, Ciarraí
  6. CLG Mac Uilín, Baile an Chaistil, Aontroim
  7. CLG Maigh Cuilinn, Gaillimh
  8. CLG Naomh Barróg, BÁC
  9. CLG Naomh Columba, Dún na nGall
  10. CLG Naomh Éanna, Gleann Ghormlaithe, Aontroim
  11. CLG Naomh Pól, Mungairit, Luimneach
  12. CLG Setanta, Baile Munna, BÁC

Tá tuilleadh eolais ar fail ó marcas@glornangael.ie 


Tá Glór na nGael buíoch as an tacaíocht ó Fhoras na Gaeilge agus an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán.