
Clúdaíonn an téarma ‘grúpa pobail’ sa cháipéis seo eagraíochtaí deonacha pobail agus comhlachtaí cláraithe neamhbhrabúis araon, a shaothraíonn ar son leas pobail Ghaeilge nó Ghaeltachta.
D’fhéadfadh go mbeadh nó nach mbeadh baill foirne fostaithe ag an ghrúpa. Tá an cód seo ábhartha do gach saghas grúpa pobail Gaeilge agus Gaeltachta.
Beidh grúpaí atá ag teacht le caighdeán an chóid seo in áit láidir chun freastal ar na riachtanais teanga agus pobail ina gceantair féin,
aidhmeanna agus táscairí a chomhlíonadh, teacht ar mhaoiniú agus comhpháirtíochtaí fiúntacha a fhorbairt.