2. Measúnú
Oibríonn an grúpa pobail agus foireann Glór na nGael le chéile chun an caighdeán atá sa chód seo a chomhlíonadh. Nuair atá an grúpa réidh dó, déantar an measúnú foirmeálta. Cuirtear aiseolas cuimsitheach ar fáil mar thoradh ar an phróiseas. Cuidíonn sin le fás, le forbairt agus le feabhsú an ghrúpa. Tugtar deis do ghrúpaí dul faoi mheasúnú foirmeálta amháin, agus, sa chás nach léirítear an caighdeán cuí, athmheasúnú amháin in aon bhliain féilire.