Scéim Luachanna Oscailte Anois do Ghrúpaí Pobail Gaeilge agus Gaeltachta

Tá scéim úr oscailte ag Glór na nGael chun cuidiú le coistí pobail i ngrúpaí Gaeilge agus Gaeltachta ar fud na tíre iad féin a reachtáil mar is ceart.

Cuireadh tús leis an scéim Luachanna, cód cleachtais atá mar threoir do ghrúpaí pobail Gaeilge agus Gaeltachta chun cuidiú leo iad féin a riar go héifeachtach, go gairmiúil agus de réir aon oibleagáid dhlíthiúil atá orthu.

Tá an scéim oscailte do ghrúpaí pobail Gaeilge agus Gaeltachta anois, agus beidh clárúcháin oscailte go dtí deireadh mhí Mheán Fómhair.

Is féidir spéis a léiriú ag glornangael.ie/luachanna 

Roghnaigh do theanga / Choose your language