Cur síos
Tá siopa againn ar an mBaile Bán, (Ballybane Industrial Estate. Díolaimid páirteanna do gach uile charr. Tá seirbhís trí Ghaeilge ar fáil anseo agus tá seirbhís seachadta ar fáil chomh maith. Táimid an-bhródúil a bheith ainmnithe mar bhuaiteoir foriomlán Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2022. Tá KD Autoparts tiomanta d'úsáid na Gaeilge a spreagadh agus a chur chun cinn. Tá sé mar aidhm againn seirbhís Ghaeilge d'ardchaighdeáin a chur ar fáil dár gcustaiméirí.