Site logo
Cur síos

Is eispéireas iontach i mbád inséidte í Dingle Sea Safari. Is turas taiscéalaíochta ar chósta mórga Chuan Dhaingean Uí Chúis, ar aillte agus ar na huaimheanna a fhad amach go dtí na Blascaodaí. Gheobhaidh tú ceacht geolaíochta agus staire ón gcaptaen le linn an turas agus is minic a fheicimid rónta glasa, deilfeanna coiteanna, cearbháin agus droimeitigh bheaga chomh maith le éagsúlacht éan farraige ann – puifíní (Aibreán – Lúnasa) gainéid, cánóga dubha agus crosáin.

Catagóirí
Suíomh
  • No comments yet.
  • Add a review