Cur síos
Ionad ealaíon agus Gaeilge í an Chultúrlann atá suite i gcroílár Cheathrú Ghaeltachta Bhéal Feirste. Bíonn neart imeachtaí ann do dhaoine de gach aois - ceol, drámaí, seoltaí leabhar, taispeántais ealaíne agus ranganna Gaeilge. Tá bialann den scoth againn agus fáil ar réimse leathan leabhar in An Ceathrú Póilí.