Cur síos
Is siopa leabharthaí muid lonnaithe i nGleann Cholm Cille in iardheisceart Dhún na nGall. Tá neart earraí againn idir leabharthaí, cluichí, dlúthdhioscaí, cártaí agus eile! Tá an Siopa Gaeilge tiomanta do scothsheirbhís a chur ar fáil d’fhoghlaimeoirí agus do mhúinteoirí Gaeilge, do thuismitheoirí agus dóibh siúd uilig ar suim leo teanga agus cultúr na hÉireann.