Ag cruinniú Bord Stiúrtha Ghlór na nGael a bhí ar siúl in Ard Mhacha ar an Satharn 15 Aibreán fógraíodh go bhfuil Frainc Mac Cionnaith tofa le bheith ina leas-cheannasaí ar Ghlór na nGael. Is as Caisleán Uidhilín i gCo. an Dúin ó dhúchas dó agus tá sé ina bhainisteoir ar an Rannóg Fiontraíochta agus Gnó i nGlór na nGael. Ag cuir fáilte roimh an scéal dúirt Mac Cionnaith go raibh an-bhród air. “Tá mé ag súil go mór tabhairt faoin ról tacaíochta don Cheannasaí agus an ról ionadaíochta don eagraíocht.” a dúirt sé. Tiocfaidh Mac Cionnaith i gcomharbacht ar Eoghan Mac Cormaic a bheidh ag éirí as an ról mar Leas-cheannasaí ag deireadh mí Aibreán.
Ag an cruinniú chomh maith cuireadh in iúl don Bhord Stiúrtha gur céadaíodh 111 deontas, ar luach iomlán €50,338, do chlubanna CLG mar thoradh ar scéim deontais Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha a bhí oscailte i mí an Mhárta. I measc na tograí a ceadaíodh deontas dóibh bhí ranganna Gaeilge, comharthaíocht, imeachtaí teaghlaigh, imeachtaí óige agus ócáidí eile úsáide teanga.
Tá deis go fóill clárú le Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha 2023. Má tá suim agat ann bí i dteagmháil linn: clg@glornangael.ie