Leantar le rath agus forbairt na saoire

Tháinig 49 teaghlach Gaeilge le chéile i gCiarraí ar an 9 Lúnasa chun seachtain a chaitheamh le chéile i nGaeltacht Chorca Dhuibhne arís. Is é Teanga Tí, rannóg teaghlaigh Ghlór na nGael, a eagraíonn an tsaoire, a mheallann teaghlaigh ó gach cearn den tír chun am a chaitheamh le chéile i mbun spraoi, ceoil, craic agus eachtraíochta.  Eagraíodh níos mó ná 35 imeacht a bhí oiriúnach d’aoiseanna éagsúla le linn na seachtaine – imeachtaí cois farraige, surfáil, spraoi ar an trá, ceardlanna ealaíne, siúlóidí treoraithe, scileanna peile, tóraíocht taisce, tráth na gceist agus go leor eile. Is ocáid bliantúil é an tSaoire Ghaeltachta, a bhíonn ar siúl sa dara seachtain de mhí Lúnasa i gColáiste Íde, lasmuigh den Daingean. Tagann na rannpháirtithe ar ais arís agus arís eile de bharr go mbíonn an tseachtain chomh taitneamhach sin. Bhí an ceathrú cuid de na teaghlaigh a tháinig i mbliana linn don chéad uair. Maíonn na páistí féin gurb é seo buaicphointe na bliana dóibh. Cuireann siad aithne ar a chéile, fásann cairdeas eatarthu agus bíonn siad ag súil lena chéile a fheiceáil arís. Agus ar ndóigh, leis na meáin shóisialta, bíonn siad i dteagmháil lena chéile i rith na bliana. Is ócáid lán-Ghaeilge é seo agus ní cheadaítear Béarla ag na himeachtaí. Is féidir tuilleadh eolais faoin tSaoire Ghaeltachta a fháil ar marcas@glornangael.ie nó trí ghlao a chur ar Mharcas Mac Ruairí ar 086 171 9755.

Roghnaigh do theanga / Choose your language