Tá leagan nua de leabhrán GRADAIM foilsithe ag Glór na nGael don bhliain 2025. Tugann an leabhrán seo eolas do ghnólachtaí ar an scéim agus ar an phróiseas atá i gceist leis an scéim.
Is é seo an ceathrú bliain den scéim, agus leis sin, an ceathrú leagan den leabhrán. I mbliana, roghnaíodh roinnt pictiúr de bhuaiteoirí thar na blianta don chlúdach, chomh maith le cuid de na daoine mór le rá a d’oibrigh le GRADAIM le trí bliana anuas.
Tá aitheantas tugtha do 334 gnó ó thús na scéime, agus táthar ag dúil le hardú mór san fhigiúr sin arís sa bhliain amach romhainn.
Tá eolas sa leabhrán, chomh maith, maidir le Fiontraí Óg na Bliana, an duais aitheantais a thugtar do bheirt fhiontraithe óga gach bliain, a dhéanann éacht ar son na fiontraíochta agus ar son na teanga.
Is féidir an leabhrán a íoslódáil mar PDF ag https://www.glornangael.ie/gradaim/aiseanna/ nó cóip chlóite a iarraidh ó Ghlór na nGael.