Caithfidh an Comhalta Foirne Glór na nGael a chur ar an eolas 28 lá ar a laghad roimh an dáta a measann sí go dtosóidh an dliteanas chun pá máithreachais reachtúil a íoc.
Caithfidh gach Comhalta Foirne atá ag súil le páiste Glór na nGael a chur ar an eolas a luaithe agus is féidir ach tráth nach déanaí ná deireadh an 15ú seachtain sula bhfuil súil leis an bpáiste, ionas gur féidir an measúnú riosca ceart a dhéanamh i dteannta cúrsaí Sláinte agus Sábháilteachta a phlé.
Má chuireann Comhalta Foirne ar an eolas muid go bhfuil sí ag súil 15 seachtaine ar a laghad roimh sheachtain mheasta na breithe clainne, faoi sheachtain mheasta na breithe clainne agus an dáta a mbeartaíonn sí tosú ar an tsaoire mháithreachais (nach féidir tosú go dtí 11 seachtain roimh sheachtain mheasta na breithe clainne), beidh sí i dteideal saoire máithreachais. Caithfidh an Comhalta Foirne foirm MATB1 a thabhairt freisin ar a dtabharfar an dáta a bhfuil súil leis an bpáiste. Is féidir an fhoirm MATB1 a fháil ón dochtúir ginearálta nó cnáimhseach.
Caithfidh Glór na nGael an Comhalta Foirne a chur ar an eolas faoi dháta deiridh na saoire máithreachais laistigh de 28 lá ón bhfógra faoin toircheas a fháil.
Féadfaidh Comhalta Foirne an dáta a dtosaíonn an tsaoire mháithreachais a athrú fad a thugtar fógra 28 lá don bhfostóir.
Áirítear le réimsí a chaithfear a chur in iúl:
Buailfidh do Bhainisteoir Líne leat ansin chun do chearta máithreachais a phlé leat agus chun measúnú riosca ar do phost a eagrú. Mura bhfuil tú in ann tabhairt faoi do ghnáthdhualgais (mar gheall ar an toircheas), ba cheart duit dul i dteagmháil leis an mBainisteoir Líne chun comhairliúchán a eagrú chun obair eile a bheadh oiriúnach agus cuí a shainaithint.
Má theastaíonn uait an dáta a dtosóidh do shaoire mháithreachais a athrú, caithfidh tú é sin a chur in iúl do do Bhainisteoir Líne 28 lá ar a laghad roimh ré.
Is féidir faisnéis bhreise a fháil ó do Bhainisteoir Líne.