Leagann an doiciméad seo amach polasaí Glór na nGael maidir le húsáid inghlactha an idirlín, an ríomhphoist agus na Teicneolaíochta Faisnéise (T.F.).
Tá feidhm ag an bpolasaí seo i leith na bhFostaithe uile san eagraíocht, agus aon duine eile a úsáideann áiseanna gnó T.F na heagraíochta.
POLASAÍ
Tá sé ina pholasaí ag an eagraíocht go n-úsáidfí gach áis T.F., lena n-áirítear teileafóin, an t-idirlíon, an tiomantán Google, na cuntais Facebook agus Twitter, an suíomh idirlíon, na ríomhairí pearsanta agus an ríomhphost le haghaidh cúrsaí gnó, agus chun na críche sin amháin. Caithfear le húsáid phearsanta iomarcach mar chion ar féidir caingean tromchúiseach smachta a ghearradh ina leith. Féadfar monatóireacht a dhéanamh ar áiseanna T.F. de réir dlí, agus sa mhéid go mbaineann na háiseanna seo leis an eagraíocht, ní cóir d’fhostaithe a bheith ag súil le príobháideacht ar na háiseanna seo. Forchoimeádann an eagraíocht an ceart i gcónaí rochtain a fháil ar ríomhphost, ar thaifead idirlín agus ar thaifead gutháin an fhostaí agus ar thaifid eile a bhaineann le húsáid na teicneolaíochta faisnéise lena chinntiú go bhfuil an fostaí ag cloí le caighdeáin agus polasaithe na heagraíochta gan a bheith i mbun gníomhaíochtaí toirmiscthe arna leagan amach sa pholasaí seo nó gníomhaíochtaí a measfaí iad a bheith míchuí.
Féachann an polasaí seo le treoirlínte a sholáthar maidir le húsáid inghlactha áiseanna T.F. Éilítear ar gach fostaí a bheith in iúl ar na ceanglais seo agus cloí leo. I gcás go mbeadh fiosrúchán ag fostaí ina leith seo ba chóir don fhostaí é sin a chur in iúl don mBainisteoir Acmhainní Daonna nó don Bhainisteoir líne.
Níor chóir áiseanna T.F. a úsáid ach chun críche gnó amháin. Tá sé de cheangal ar fhostaithe a bhfuil rochtain acu ar chórais atá srianta ag pasfhocal, gan an pasfhocal sin a thabhairt d’aon duine eile, ach amháin má fhaigheann siad cead ón mBainisteoir Acmhainní Daonna nó ón mBainisteoir líne roimh ré.
Ba chóir d’fhostaithe socruithe a dhéanamh cead a thabhairt don Bhainisteoir Acmhainní Daonna nó don Bhainisteoir líne rochtain a fháil ar an gcóras atá srianta ag pasfhocal roimh thréimhse ina mbeadh an fostaí as láthair más gá.
Ba chóir pasfhocail a roghnú go cúramach ionas nach féidir iad a thomhas go héasca.
Níor chóir córas ríomhphoist na heagraíochta a úsáid ach chun críche an ghnó amháin. Féadfar cead a thabhairt úsáid a bhaint as d’úsáid theoranta phearsanta, le faomhadh na Bainistíochta, ach níor chóir d’úsáideoirí a bheith ag súil le príobháideacht nuair atá acmhainn a bhaineann leis an eagraíocht á húsáid. Ní foláir d’fhostaithe a bheith cúramach nach dtarraingíonn siad droch-cháil ar an eagraíocht ach ábhar míchuí nó ríomhphoist neamhdhleathacha a sheoladh ag baint úsáide as córais na heagraíochta.
Níor chóir ceangaltáin a oscailt murar tháinig siad ó fhoinse iontaofa a bhfuil caidreamh gnó ag an eagraíocht léi. Ba chóir d’fhostaithe a bheith ar an eolas go bhfuil rioscaí ag baint le heolas a íoslódáil ó fhoinsí nach féidir brath orthu. Tá dualgas ar an bhfostaí cinntiú go bhfuil cosaint frithvíreais agus ionsaithe mailíseacha ar líne eile ar an ríomhaire oibre agus uasdátaithe ar bhonn leanúnach.
Ba chóir tuilleadh eolais a fháil ón mBainisteoir Acmhainní Daonna nó ón mBainisteoir líne más gá.
Ba chóir d’fhostaithe a chinntiú nach ndéanann siad aon ráitis chlúmhillteacha nó nach mbíonn siad i mbun aon iompair atá leabhlach ar ríomhphost. Níor chóir sonraí pearsanta a sheoladh maidir le haon duine gan cead a fháil ón duine sin roimh ré.
Níor chóir úsáid a bhaint as ríomhairí pearsanta agus ríomhairí glúine chun críche pearsanta ach amháin mar a bhfuil cur síos déanta air. Ba chóir priontáil chun críche pearsanta a bheith teoranta, agus measfar priontáil iomarcach a bheith ina chion ar féidir caingean smachta a ghearradh ina leith.
Ba chóir ríomhairí glúine a stóráil i mbúit charr an fhostaí nuair atá an fostaí ag taisteal, agus é a bhreith leis/léi seachas é a fhágáil i bhfeithicil nach bhfuil aon duine ann. Má fhágtar ríomhaire glúine le feiceáil i bhfeithicil meallfaidh seo gadaithe agus mar thoradh air sin d’fhéadfaí damáiste a dhéanamh don fheithicil, d’fhéadfaí an ríomhaire glúine a ghoid, maille le maoin phearsanta eile a bheadh san fheithicil.
Níor chóir sábhálaithe scáileáin a íoslódáil ón idirlíon agus níl cead ach úsáid a bhaint as sábhálaithe scáileáin a cheadaíonn an lucht Bainistíochta.
Ní foláir d’fhostaithe rialacháin chóipchirt a urramú i ndáil le haon ábhar a uaslódálann nó a íoslódálann siad ar chóras gnó.
Níor chóir córais teileafóin na heagraíochta a úsáid chun críche pearsanta, gan cead a fháil ón mBainisteoir Acmhainní Daonna nó ón mBainisteoir líne.
I gcás go bhfaigheann fostaí glaoch pearsanta ba chóir don ghlaoch a bheith gairid.
Ba chóir aon fhiosrúchán i ndáil leis an bpolasaí seo a chur faoi bhráid an mBainisteoir Acmhainní Daonna nó an Bhainisteora líne.