Is é cuspóir an pholasaí seo forléargas a thabhairt ar pholasaí Ghlór na nGael i leith Tástáil Súl VDU.
Tá feidhm leis an bpolasaí i leith fhostaithe uile Ghlór na nGael.
Aithníonn Ghlór na nGael gur féidir le húsáid rialta ríomhaire strus a chur ar do shúile. Ar mhaithe le monatóireacht a dhéanamh air seo agus é a chosc, féadfaidh fostaithe leas a bhaint as scrúdú súl amháin sa bhliain agus cúiteoidh an eagraíocht an costas.
Má tá aon cheist agat faoin bpolasaí déan teagmháil leis an mBainisteoir Acmhainní Daonna nó leis an mBainisteoir líne.