Is é cuspóir an pholasaí seo forléargas a thabhairt faoi sheasamh Glór na nGael maidir le fostaithe a íoc ar son taisteal gnó agus liúntas cothaithe.
Tá feidhm ag an bpolasaí seo i leith fhostaithe uile Ghlór na nGael.
Ní mór aon taisteal a bheith faofa ag an mBainisteoir líne nó ag an gCeannasaí roimh ré. Ní mór d’fhostaithe plean seachtaine le taisteal na seachtaine sonraithe a chomhlánú agus é a bheith aontaithe ag an mBainisteoir líne nó ag an gCeannasaí.
Déanfar fostaithe a chúiteamh ar son turais ghnó nuair a úsáideann siad a gcarr féin ar ghnó na heagraíochta. Nuair a dhéanann fostaithe turas gnó díreach óna mbaile féin go háit shealadach oibre (seachas tús a chur leis an turas óna ngnátháit oibre), nó nuair a fhilleann siad díreach abhaile ón áit shealadach oibre, déanfar an míleáiste a ríomh mar an luach is ísle díobh seo a leanas:
Is iad seo a leanas na rátaí a úsáidfear do mhíleáiste carr:
I gcúinsí áirithe féadfar eisceachtaí a dhéanamh sna polasaithe thuas. Ní mór dóibh seo a bheith faofa roimh ré ag an mbainistíocht. Is faoi rogha na bainistíochta cúiteamh a dhéanamh ar chostais taistil seachas na costais sna polasaithe thuas.
Cúiteofar costais réasúnta béilí le fostaithe (bricfeasta, lón agus dinnéar) a thabhaítear le linn taistil ar chuspóirí gnó ar bhonn admhálacha a sheolfar isteach de réir na ngnáthnósanna imeachta d’íocaíocht costas.
Aontóidh an Bainisteoir líne nó an Ceannasaí téarmaí taistil gnó agus teorainn uasmhéid aisíoctha na gcostas chothaithe roimh gach turas gnó. Tá aon éileamh ar son chostas a tabhaíodh, nuair atá siad údaraithe, le cur isteach de réir na ngnáthnósanna imeachta do chostais.
€80 an uasmhéid a íocfar i dtreo costais lóistín (iníoctha nuair a chuirtear admháil cuí ar fáil).
€20 / £15 an uasmhéid a íocfar ar bhonn admhálacha i dtreo costais cothabhála níos mó ná 10 n-uaire (mura gcuirtear lón/dinnéar ar fáil).
€10 / £8 an uasmhéid a íocfar ar bhonn admhálacha i dtreo costais cothabhála (níos mó ná 5 uair ach níos lú ná 10 n-uaire (mura gcuirtear lón/dinnéar ar fáil).