Aithníonn Glór na nGael go bhféadfadh sos ón obair a bheith riachtanach nó ag teastáil ó fhostaithe, gan iallach a bheith orthu an eagraíocht a fhágáil.
Tá feidhm ag an bpolasaí seo i leith na bhfostaithe uile atá ar chonradh buan.
Tugann sosanna gairme deis d’fhostaithe sos suas le bliain a ghlacadh ó fhostaíocht ar chúiseanna pearsanta nó teaghlaigh. Is faoi lánrogha Glór na nGael é saoire mar seo a cheadú, ar an gcoinníoll gur féidir soláthar sásúil a dhéanamh ar riachtanais eagrúcháin agus oibriúcháin.
De ghnáth, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar shos gairme do thréimhse nach mbíonn níos lú ná 3 mhí agus níos faide ná bliain.
Ní mór gach iarratas a dhéanamh i sríbhinn agus a chur chuig an Bainisteoir líne 3 mhí ar a laghad roimh an sos gairme atá á lorg.
Geallann Glór na nGael:
Nuair a bhíonn an tsaoire ceadaithe, iarrtar ar fhostaithe teagmháil a dhéanamh leis an eagraíocht 2 mhí ar a laghad roimh an dáta a bhfuil siad le filleadh ar an obair faoin rún atá acu filleadh ar an obair.
Agus iad ar Shos Gairme, féadfaidh fostaí síneadh ar an Sos Gairme a iarraidh. Is faoi rogha na heagraíochta a bheidh sé síneadh a cheadú. Ní mór iarratas ar shíneadh a dhéanamh dhá mhí roimh an dáta a shocraítear ar dtús chun filleadh ar an obair.
Rachaidh fostaithe ar ais chuig a bhfostaíocht le Glór na nGael ar fhilleadh dóibh. Nuair is féidir fillfidh fostaithe ar an ról a bhí acu roimh an sos gairme.