An cuspóir atá leis an bpolasaí seo ná cuidiú le comhlíonadh na nAchtanna um Chosaint Sonraí ó dheas agus an tAcht um chosaint sonraí 1998 ó thuaidh sa mhéid a bhfuil feidhm acu i leith bailiú agus coimeád eolais i leith an fhostaí.
Tá feidhm ag an bpolasaí seo i leith na bhFostaithe uile.
D’fhonn fostaíocht gach fostaí a riar ní foláir sonraí pearsanta áirithe a bhailiú, a choimeád agus a phróiseáil. Ar na sonraí a bhféadfadh gá a bheith leo tá ainmneacha agus seoltaí an fhostaí, a ndáta breithe, a ráta pá, a bhfoirm iarratais agus a C.V., aon taifead a bhaineann le cúrsaí smachta, teastais dochtúra (le linn tréimhse fostaíochta reatha an fhostaí), srl. Tá sé ina pholasaí ag an eagraíocht seo go ndéanfaí an t-eolas seo a phróiseáil de réir na nAchtanna um Chosaint Sonraí agus go dtabharfadh Fostaithe a dtoiliú go ndéanfaí na sonraí sin a phróiseáil, lena n-áirítear sonraí íogaire pearsanta.
D’fhonn seasamh le ceanglais na reachtaíochta, déanfar gach iarracht cloí le prionsabail na cosanta sonraí arna mbunú ag an gCoimisinéir um Chosaint Sonraí. Stórálfar sonraí in áit shábháilte agus bainfear úsáid as an mbealach ar cuireadh síos air nuair a bailíodh iad. Ní thaispeánfar sonraí pearsanta d’aon duine seachas baill den lucht Bainistíochta, don fhostaí féin, nó d’aon tríú páirtí a dhéanfaidh an t-eolas a phróiseáil thar ceann na heagraíochta ó am go chéile. Éileofar ar aon duine a dtabharfar rochtain dóibh ar an eolas na hAchtanna um Chosaint Sonraí a chomhlíonadh agus iad ag próiseáil an eolais. Coimeádfar sonraí don méid ama is gá, agus coinneofar iad chomh cruinn agus cothrom le dáta agus is féidir. Chuige seo, iarrtar ar fhostaithe a chur i bhfios don mBainisteoir Acmhainní Daonna nó don Bhainisteoir líne i leith aon athruithe ar a sonraí pearsanta atá á gcoimeád ag an eagraíocht. Féadfaidh fostaí ar mhian leis/léi rochtain a fháil ar na sonraí pearsanta atá á gcoimeád ag an eagraíocht fúthu déanamh amhlaidh ach iarratas a dhéanamh leis an mBainisteoir Acmhainní Daonna nó leis an mBainisteoir líne. Cuirfear rochtain ar fáil laistigh de thréimhse ama réasúnta.