SCÉIM PHINSEAN

CUSPÓIR

Is é cuspóir an pholasaí seo forléargas a thabhairt ar chúrsaí pinsin le Glór na nGael.

RAON

Tá feidhm ag an bpolasaí seo i leith fhostaithe uile Ghlór na nGael.

POLASAÍ Ó DHEAS

Cuirfidh an eagraíocht eolas ar fáil d’aon fhostaí nua ar scéimeanna pinsin atá ar fáil in Éirinn ar a dhéanaí tar éis a thréimhse promhadh a chríochnú go sásúil. Déanfaidh an eagraíocht ranníocaíocht suas le 5%[1] de thuarastal an fhostaí a fhad is a dhéanann an fostaí ranníocaíocht den chéadatán céanna óna thuarastal fhéin agus go bhfuil an maoiniú ag an eagraíocht chuige sin.   Is féidir le Fostaithe Ranníocaíocht Shaorálach Bhreise (RSB) a dhéanamh chomh maith. I gcás aon ghearán nó fhiosrúchán maidir leis an bpinsean, is féidir le haon fhostaí labhairt sa chéad áit leis an mBainisteoir Acmhainní Daonna. I gcás nach mbíonn an fhadhb réitithe nó nach bhfuil an t-eolas cuí curtha ar fáil, is féidir leis an bhfostaí dul ar aghaidh chuig cuideachta pinsin Ghlór na nGael: www.unio.ie 

[1] D’fhéadfadh go bhfuil an ceadatán níos airde i gcásanna fostaithe a thosaigh ag obair le Glór na nGael roimh 2007 agus i gcás fostaithe lonnaithe i ndeisceart na tíre íocfar 1.5% de ranníocaíocht an fhostóra ar chumhdach tinnis fadtéarmach.

POLASAÍ Ó THUAIDH

Cuirfidh an eagraíocht gach fhostaí atá fostaithe ó thuaidh ar scéim pinsin NEST. Déanfaidh an eagraíocht ranníocaíocht suas le 5%[1] de thuarastal an fhostaí a fhad is a dhéanann an fostaí ranníocaíocht den chéadatán céanna óna thuarastal fhéin agus go bhfuil an maoiniú ag an eagraíocht chuige sin. Is féidir leis an fostaí diúltaigh a bheith páirteach sa scéim nó ranníocaíocht bhreise a dhéanamh chomh maith ar shuíomh NEST. I gcás aon ghearán nó fhiosrúchán maidir leis an bpinsean, is féidir le haon fhostaí labhairt sa chéad áit leis an mBainisteoir Acmhainní Daonna. I gcás nach mbíonn an fhadhb réitithe nó nach bhfuil an t-eolas cuí curtha ar fáil, is féidir leis an bhfostaí dul ar aghaidh chuig cuideachta pinsin Ghlór na nGael: www.nestpensions.org.uk 

Uasdátaithe: 28.04.2025
Le hathbhreithniú: Mí Aibreáin 2026

Roghnaigh do theanga / Choose your language