
Is féidir saoire foréigin baile a ghlacadh nuair a bhíonn nó nuair a bhí fostaí nó duine ábhartha ag fulaingt ó fhoréigean baile. Is é cuspóir na saoire seo ná cur ar chumas fostaithe freastal ar chuairteanna leighis, ar imeachtaí dlí, ar chomhairleoireacht, lóistín eile a chuardach nó rochtain a fháil ar sheirbhísí foréigin baile. B’fhéidir nach féidir na rudaí seo a dhéanamh lasmuigh d’uaireanta oibre nó b’fhéidir go mbeidh orthu iad a choinneáil i bhfolach óna mí-úsáideoir.
Ón 27 Samhain 2023, tá ceart dlíthiúil agat 5 lá de shaoire íoctha foréigin baile a fháil má theastaíonn uait am a ghlacadh saor ón obair mar gheall ar an mí-úsáid. Ní gá duit a bheith ag obair i do phost ar feadh tréimhse áirithe ama chun cáiliú. Tá fostaí i dteideal suas le 5 lá de shaoire íoctha foréigin baile a ghlacadh in aon tréimhse 12 mhí. Ní féidir an tsaoire a ghlacadh i dtréimhsí níos lú ná lá amháin. Ag brath ar an bhfostóir agus ar an gconradh fostaíochta, b’fhéidir go mbeidh fostaí in ann níos mó ná seo a ghlacadh.
Tá feidhm ag an bpolasaí seo i leith na bhfostaithe uile. Tá fostaí incháilithe má tá an duine atá ag déanamh an fhoréigin baile agus na mí-úsáide ina: Céile nó páirtnéir sibhialta, Comhchónaitheoir, Páirtnéir pearsanta reatha nó iar- (buachaill nó cailín reatha nó páiste atá os cionn 18 mbliana d’aois agus nach bhfuil ag brath orthu ó thaobh airgeadais de)
Tá siad incháilithe freisin do shaoire foréigin baile má tá siad ag tacú le ‘duine ábhartha’. Is duine ábhartha duine a bhfuil nó a raibh foréigean nó mí-úsáid baile ag tarlú dóibh agus is é an duine sin do: Chéile nó do pháirtnéir sibhialta, Comhchónaitheoir, Páirtnéir pearsanta, Leanbh atá faoi 18 mbliana d’aois, Duine cleithiúnach eile.
Ní mór d’fhostaí a rá lena bhfostóir a luaithe is féidir go gcaithfidh siad saoire foréigin baile a ghlacadh, ach níl aon tréimhse fógra ag teastáil mar b’fhéidir nach mbeidh an gá le saoire foréigin baile a ghlacadh intuartha. Láithreach agus an fostaí ar ais ar an obair, ní mór don fhostaí a dheimhniú i scríbhinn dá bhfostóir dáta tosaigh agus fad na saoire. Ba cheart don fhostaí an deimhniú seo a shíniú. Níl aon ráiteas fíorasach maidir leis an saoire ag teastáil. Féadfaidh an foréigean baile a bheith ar siúl nó tarlaithe san am atá caite.
Tagann an teidlíocht do shaoire foréigin baile ón Acht um Chothromaíocht Oibre Saoil agus Forálacha Ilghnéitheacha 2023. Tugann Alt 7 den acht isteach saoire foréigin baile.
Beidh Glór na nGael ag coinneáil taifead ar gach saoire foréigin baile a ghlacann fostaithe. Leasaíonn Alt 15 d’Acht 2023 alt 27 d’Acht na Saoire Tuismitheora 1998 chun a fhoráil go gcaithfear taifid a choinneáil ar feadh tréimhse 3 bliana. Dhéanfaidh Glór na nGael aon fhaisnéis a nochtann tú faoi fhoréigean baile a láimhseáil leis an íogaireacht agus an rúndacht is mó.
Tá fostaí i dteideal íocaíocht a fháil óna bhfostóir agus iad ar shaoire reachtúil foréigin baile. Leagtar amach i Rialacháin na nAcht um Shaoire Tuismitheora 1998 (Alt 13AA) (Ráta Laethúil Ordlaithe d’Íocaíocht Saoire Foréigin Baile) 2023, an ráta laethúil ordaithe íocaíochta is iníoctha le fostaí ar gá dó am a ghlacadh saor mar gheall ar mhí-úsáid baile. Is é seo go héifeachtach gnáthráta laethúil pá na bhfostaithe. Má oibríonn siad go páirtaimseartha, tá siad i dteideal saoire foréigin baile ar bhonn pro rata. Ciallaíonn sé seo, mar shampla, má oibríonn siad 50% de ghnáthsheachtain oibre, go bhfuil siad i dteideal 2.5 lá saoire.
Uasdátaithe: 25.03.2026.
Le hathbhreithniú: Mí Mhárta 2027