Cloíonn Glór na nGael leis na forálacha reachtúla i leith Saoire do Thuismitheoirí Chomhroinnte. Tugann Saoire do Thuismitheoirí Chomhroinnte deis do thuismitheoirí páistí nuabheirthe, nó páiste nuashocraithe d’uchtú, suas le 50 seachtain ar a mhéid de shaoire mháithreachais/uchtaithe agus 39 seachtain pá a roinnt má chomhlíonann siad na critéir incháilithe riachtanacha.
Tá máithreacha incháilithe in ann a chinneadh go gcríochnóidh siad a saoire mháithreachais/uchtaithe agus a bpá máithreachais/uchtaithe (más ábhartha) luath chun saoire agus pá a chruthú is féidir leo a roinnt le hathair an pháiste nó lena bpáirtí mar shaoire do thuismitheoirí agus pá comhroinnte. Féadfaidh tuismitheoirí a chinneadh leas a bhaint as saoire do thuismitheoirí chomhroinnte am ar bith fad agus a bhfuil saoire mháithreachais nár úsáideadh fós ann le roinnt.
Caithfidh máthair dul ar shaoire mháithreachais ar feadh dhá seachtain ar a laghad. Má tá tú incháilithe agus má chuireann tusa nó do pháirtí deireadh leis an tsaoire agus an pá máithreachais nó uchtaithe luath, i ndiaidh an dá seachtain sin, féadfaidh tú:
Chun a bheith incháilithe don tsaoire do thuismitheoirí chomhroinnte, caithfidh tú a bheith ag dul ar an tsaoire chun aire a thabhairt don pháiste mar dhuine acu seo:
Anuas air sin, caithfidh tú:
Iarrfar ort iad seo a leanas a sholáthar:
Má tá tú ag uchtú, iarrfar ort iad seo a sholáthar:
Caithfidh tuismitheoirí ar mian leo dul ar shaoire do thuismitheoirí chomhroinnte cloí leis na riachtanais fógra seo a leanas, ocht seachtaine ar a laghad roimh dháta tosaigh aon saoire do thuismitheoirí chomhroinnte bheartaithe. Caithfidh siad an méid seo a leanas a sholáthar:
Tá riachtanais fógra dá leithéid i bhfeidhm ar thuismitheoirí uchtála a dteastaíonn uathu dul ar shaoire do thuismitheoirí chomhroinnte. Ocht seachtaine ar a laghad roimh gach tréimhse saoire do thuismitheoirí comhroinnte, caithfidh an Comhalta Foirne fógra i scríbhinn a thabhairt ina leagtar amach dáta tosaithe agus deiridh gach tréimhse saoire do thuismitheoirí comhroinnte atá á hiarraidh.
Braithfidh an méid saoire do thuismitheoirí comhroinnte a bhfuil tú ina theideal ar nuair a chuireann an mháthair/páirtí deireadh lena saoire mháithreachais/uchtaithe, agus an méid saoire a thógann an tuismitheoir eile i leith an pháiste.
Caithfear dul ar saoire do thuismitheoirí chomhroinnte i mbloic de sheachtain amháin ar a laghad. Féadfaidh tú iarratas a dhéanamh ar dhul ar shaoire do thuismitheoirí i mbloc leanúnach amháin, nó mar shraith bloc saoire neamhleanúnach. Má iarrtar bloic saoire neamhleanúnacha, breithneofar d’iarratas agus d’fhéadfaí diúltú dó bunaithe ar riachtanais na hEagraíochta. Is féidir cur isteach ar thrí iarratas ar shaoire ar a mhéad in aghaidh an toirchis/an pháiste uchtaithe.
D’fhéadfadh go mbeadh pá reachtúil tuismitheora comhroinnte iníoctha i rith cuid den tsaoire do thuismitheoirí chomhroinnte má chomhlíon tú na ceanglais incháilitheachta a bhaineann leis. Íocfar aon phá reachtúil tuismitheora comhroinnte atá dlite i rith saoire do thuismitheoirí chomhroinnte ag ráta a shocraíonn an Rialtas don bhliain chánach ábhartha, nó ag 90% de mheántuilleamh seachtainiúil an Chomhalta Foirne, má tá an figiúr sin níos ísle ná ráta seachtainiúil socraithe an Rialtais. Tá sé sin mar an gcéanna leis an bPá Reachtúil Máithreachais, seachas go n-íoctar na chéad sé seachtaine den Phá Reachtúil Máithreachais ag 90% de pé rud a thuilleann tú (gan teorainn ar bith).