Léiríonn an polasaí seo go bhfuil an eagraíocht ag comhlíonadh an Achta um Shaoire Cúramóra, 2001 agus 2006 (ó Dheas) agus an Achta fostaíochta 2002 (ó Thuaidh) agus na rialacháin bhainteacha.
Tá feidhm ag an bpolasaí seo i leith na bhfostaithe uile.
Tá sé ina pholasaí ag an eagraíocht cead a thabhairt d’fhostaithe leas a bhaint as saoire gan phá d’fhonn a bhfreagrachtaí cúraim a chomhlíonadh más iomchuí arna chinneadh i gcomhar leis an Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh. Féadfar iarratas a chur isteach ar 13 seachtaine ar a laghad agus suas le 104 seachtain ar a mhéid. Féadfar é seo a shíneadh chuig 208 seachtain i ndáil le beirt a bhfuil gá acu le cúram i gcásanna áirithe. Chun a bheith incháilithe don tsaoire seo caithfidh an fostaí bheith tar éis bliain amháin seirbhíse a bheith curtha i gcrích agus a bheith faofa ag an Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh le cúram lánaimseartha a sholáthar don duine iomchuí. Cinnfidh an Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh freisin cibé acu an bhfuil an duine ina dhuine iomchuí nó nach bhfuil. Féadfar saoire cúramóra a thógáil mar bhloc leanúnach amháin de shaoire, nó é a bhriseadh síos ina thréimhsí níos giorra. I gcás go mbristear síos an tsaoire, ní ceadmhach don fhostaí tréimhse eile a thosú go dtí go bhfuil 6 seachtaine imithe ó dheireadh na tréimhse roimh ré.
Tá sé de cheangal ar fhostaí fógra 6 seachtaine, ar a laghad, a thabhairt má tá sé beartaithe aige/aici leas a bhaint as saoire cúramóra. Ba chóir a leagan amach san iarratas an chaoi a bhfuil sé beartaithe an tsaoire a thógáil agus dearbhú a thabhairt go ndearnadh iarratas leis na Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh le haghaidh faofa mar dhuine iomchuí. Eiseofar freagra i ndáil leis an iarratas ar a laghad 2 sheachtain roimh thús beartaithe na saoire. I gcás go ndéantar an tsaoire a fhaomhadh soláthrófar doiciméad dearbhúcháin le go síneodh an fostaí é agus coinneoidh an eagraíocht an doiciméad seo. Caithfear fógra maidir le saoire a thabhairt ar an bhfoirm chuí agus is féidir an fhoirm sin a fháil ón mBainisteoir Acmhainní Daonna nó ón mBainisteoir líne.
Déanfar Saoire Cúramóra a fhoirceannadh ar dháta a réamhaontófar sa doiciméad dearbhúcháin, nó ar na coinníollacha seo a leanas, cibé acu is luaithe:
Measfar fostaí atá ag baint leasa as saoire cúramóra a bheith fós fostaithe, agus ní chuirfear isteach ar aon cheann dá gcearta fostaíochta, ach amháin luach saothair, saoire bhliantúil (tar éis 13 seachtaine), sochair aoisliúntais (tar éis 13 seachtaine) nó aon dualgas ranníocaíochtaí a íoc, nó i ndáil leis an bhfostaíocht. Beidh an tsaoire sin inríofa chun críche iomarcaíochta. Cosnófar cearta ÁSPC reatha trí dhámhachtain de ranníocaíochtaí creidiúnaithe le linn thréimhse na saoire cúramóra ach socrú a dhéanamh leis an Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh.
Éilítear ar fhostaithe ar a laghad 4 seachtaine d’fhógra dá rún filleadh ar an obair i ndiaidh na saoire a sholáthar. Ba chóir don fhógra seo a dhearbhú go bhfuil sé beartaithe ag an bhfostaí filleadh ar an obair, agus an dáta ar a dtarlóidh sé sin a shonrú. I gcás gur féidir é, fillfidh an fostaí ar an bpost a bhí aige/aici díreach roimh thús na saoire (ar an gcoinníoll gurbh é sin a ngnáthphost), ach i gcás nach bhfuil sé seo indéanta, ámh, féadfaidh sé/sí filleadh ar an obair i bhfostaíocht mhalartach oiriúnach nach lú fabhar í ná an fhostaíocht eile ó thaobh na dtéarmaí agus na gcoinníollacha.