Baineann an polasaí seo le saoire bhreoiteachta. Déantar taifead oifigiúil ar aon tréimhse neamhláithreacht ón obair de bharr tinnis mar shaoire bhreoiteachta. Baineann rialacha cleachtais agus nósanna imeachta le tréimhsí saoire den chinéal seo. Cinntíonn géilliúlacht na bhfostaithe leis na rialacha cleachtais agus nósanna imeachta sin go gcoinnítear an eagraíocht ar an eolas agus go ndéantar íocaíochtaí chuí tuarastal a phróiseáil d’fhostaithe ar shaoire bhreoiteachta.
An cuspóir atá leis an bpolasaí seo ná a chinntiú go bhfuil gach fostaí ar an eolas faoina gcearta agus a ndualgais maidir le bheith as láthair ón obair de bharr tinnis.
Tá an polasaí seo i bhfeidhm do gach ball d’fhoireann na heagraíochta ar éirigh leo a dtréimhse phromhaidh a chur i gcrích go sásúil.
Bíonn an eagraíocht ag súil go bhfreastalódh gach fostaí ar an obair ar bhonn rialta. Tuigeann an eagraíocht, áfach, gur féidir le fostaithe a bheith as láthair, ó am go chéile, toisc tinneas. Tá sé ina pholasaí ag an eagraíocht déileáil le gach neamhláithreacht ar bhealach cóir cothrom comhsheasmhach, mar aon le meas a dhéanamh ar an tionchar a bheadh ag a leithéid de neamhláithreacht ar chumas na heagraíochta feidhmiú go héifeachtach.
Bíonn an eagraíocht ag súil le leibhéil inghlactha tinrimh ó na fostaithe agus iad ag comhlíonadh a dtéarmaí agus a gcoinníollacha fostaíochta. Chuige seo, forchoimeádann an eagraíocht an ceart, ag aon am le linn na fostaíochta, an fostaí a atreorú chuig dochtúir / cleachtóir leighis oiriúnach a ndéanfaidh an eagraíocht, agus an eagraíocht amháin, é/í a roghnú, agus tuairisc iomlán leighis a lorg d’fhonn cinntí réasúnta a dhéanamh i ndáil le cumas an fhostaí a t(h)éarmaí agus a c(h)oinníollacha fostaíochta a chomhlíonadh. Deinfear seo ar chostas na heagraíochta. Áirítear i measc na gcoinníollacha a bhféadfadh a leithéid d’iniúchadh tarlú neamhláithreacht iomarcach nó pátrúin neamhláithreachta a thabharfadh le fios go bhfuil mí-úsáid á bhaint as an tsaoire bhreoiteachta nó i gcás go gceaptar go bhfuil tionchar diúltach ag sláinte an fhostaí ar fheidhmíocht na hoibre.
Tá an eagraíocht tiomanta do chur ina luí ar fhostaithe filleadh ar an obair tar éis tréimhsí neamhláithreachta. I gcás neamhláithreacht sheasmhach agus/nó iomarcach féadfar caingean smachta a ghearradh nó dírathú a dhéanamh ar chonradh fostaíochta an fhostaí.
Tá an eagraíocht tiomanta do chearta aon fhostaí a chosaint ar f(h)ostaí é/í atá faoi mhíchumas, agus i gcás go mbeadh an míchumas ag cur isteach ar chumas an duine sin a ról a chomhlíonadh, féadfar cóiríocht chuí a sholáthar. Déileálfar le gach míchumas ar bhealach cóir cothrom comhsheasmhach agus dá réir acmhainní na heagraíochta agus riachtanais an fhoirgnimh.
Más amhlaidh go mbíonn fostaí as láthair de bharr breoiteachta caithfidh an fhostaí sin é sin a chur in iúl don eagraíocht roimh an 10.15r.n. ar an gcéad lá den neamhláithreacht seachas i gcás go bhfuil an eagraíocht / an phobal ag braith ar an bhfostaí bheith i láthair roimhe sin. Sa chás seo is gá don bhfostaí fógra a thabhairt roimh thús an imeachta/cruinnithe, srl. Is gá é seo a dhéanamh trí theagmháil díreach le do bhainisteoir líne nó leis an mBainisteoir Acmhainní Daonna thar guthán, seachas trí théacs. I gcás nach bhfuil a b(h)ainisteoir nó an Bainisteoir Acmhainní Daonna ar fáil ní mór don fhostaí teachtaireacht a fhágáil le comhghleacaí an fhostaí. Tá de dhualgas ar an bhfostaí féin a neamhláithreacht a chur in iúl don eagraíocht. Ní ghlacfar le teachtaireacht ó chara, nó ó bhall den teaghlach, srl., ach i gcásanna eisceachtúla.
Nuair atá an neamhláithreacht á chur in iúl don eagraíocht tá sé tábhachtach sonraí a sholáthar maidir leis an méid ama a mheastar a bheifear as láthair. Sa chás gur gá cur leis an tréimhse neamhláithreachta thar an méid ama sin tá sé de dhualgas ar an bhfostaí a chur in iúl don eagraíocht arís go mbeidh sé/sí as láthair roimh thús an ghnáthama oibre acu.
Ní mór teastas dochtúra, atá cáilithe agus cláraithe, a sholáthar tar éis an dara lá tinnis (i. ón tríú lá ar aghaidh), ar a luafar (i) cúis go bhfuil an fhostaí as láthair agus (ii) an dáta gur dócha go bhfillfidh an fhostaí ar an obair. Ní féidir níos faide ná seachtain a thógáil ar aon teastas amháin.
Coinneofar taifead de shaoire bhreoiteachta an fhostaí, agus i gcás go measfar í a bheith iomarcach, nó i gcás go bhfuil pátrúin de shaoire bhreoiteachta le sonrú, cuirfidh an eagraíocht a cúiseanna imní in iúl don fhostaí agus glacfar céimeanna i dtreo a réitigh. Féadfar déileáil le nithe dá leithéid sin tríd an nós imeachta smachta de réir mar is iomchuí.
Sa chás go bhfuil níos mó ná 6 lá tinnis i gceist, ba chóir d’fhostaí iarratas a dhéanamh ar shochar bhreoiteachta trí fhoirm a fháil ón a d(h)ochtúir agus an fhoirm líonta a sheoladh chuig oifig An Roinn Coimirce Sóisialaí, Bosca Poist 1650, BÁC 1. Is gá a lua ar an bhfoirm go gceadaítear na híocaíochtaí seo a íoc leis an bhfostóir agus a chur in iúl do do bhainisteoir líne agus/nó don Bhainisteoir Acmhainní Daonna go bhfuil a leithead d’iarratas déanta.
Tá ceadaithe d’fhostaí suas le 2 lá tinnis a thógáil gan teastas dochtúra, taobh istigh de theora 7 lá in aon tréimhse 12 mí agus teorainn 14 lá in aon trí bliana. Meabhraítear d’fhostaithe nach slí é seo le cur le saoire bliantúil. Íoctar pá le fostaithe atá ar shaoire bhreoiteachta neamhteistithe ar bhonn pribhléide. I gcás mí-úsáide d’fhéadfaí pá an fhostaí a choinneáil siar don tréimhse saoire thinnis neamhteistithe.
Beifear ag súil go gcloífidh fostaí atá as láthair ar shaoire bhreoiteachta leis na nósanna imeachta do shaoire bhreoiteachta ó thaobh chur in iúl na heagraíochta de, dá dtréimhse tosaigh neamhláithreachta lena n-áirítear an ceanglas teastas dochtúra a sholáthar i ndáil le neamhláithreacht dá leithéid de réir pholasaí na heagraíochta. I gcás neamhláithreacht níos fadtéarmaí ná mí caithfear teastais leighis a sheoladh chuig do Bhainisteoir líne ag tús ar a laghad gach míosa. Íocfar tuarastal iomlán an fhostaí a léiríonn trí theastas bailí bhreoiteachta don chéad trí mhí. Íocfar leath-thuarastal do thrí mhí bhreoiteachta eile. Tar éis 26 seachtaine is féidir leis an bhfostaí atá ag tógáil páirt i scéim pinsean Ghlór na nGael cuir isteach ar íocaíocht 2/3 dá dtuarastal lúide dhá oiread liúntas an stáit (ó dheas) agus leanfar le do ranníocaíochtaí pinsin (8.5% de ráta do ghnáth thuarastal iomlán) go dtí go mbisíonn tú, go dtéann tú ar shlí na fírinne nó go dtéann tú ar scor. Tar éis 28 seachtaine de shaoire bhreoiteachta is féidir le fostaithe atá lonnaithe ó thuaidh cuir isteach ar Liúntas fostaíochta agus Tacaíochta trí ghlaoch ar an uimhir seo: 0800 085 6318.
Breis eolais anseo:
https://www.gov.uk/employment-support-allowance/overview
Bítear ag súil go bhfreastalaíodh gach fostaí ar an obair gach lá mar a aontaíodh ina ráiteas de théarmaí agus coinníollacha fostaíochta. Má theipeann ar an bhfostaí cloí leis an gceanglas seo féadfar a c(h)onradh a dhírathú, nó féadfar tabhairt faoi nós imeachta smachta. I gcás coinníollacha eisceachtúla, amhail míchumas á fháil ag an bhfostaí, féadfaidh an eagraíocht iarracht a dhéanamh freastal ar an bhfostaí ach cóiríocht chuí a sholáthar. Tar éis gach tréimhse neamhláithreachta tá sé de cheangal ar gach fostaí bualadh lena b(h)ainisteoir líne agus/nó leis an mBainisteoir Acmhainní Daonna chun an chúis lena neamhláithreacht a mhíniú, agus a chur in iúl cibé acu an bhfuil sé/sí ina s(h)láinte arís. Ba chóir don fhostaí aon deacracht ag an obair a bhféadfadh tionchar a bheith aici ar a bhfreastal ar an obair a chur i bhfios dá mbainisteoir, ionas gur féidir céimeanna cuí a ghlacadh d’fhonn réiteach a fháil ar an gceist. Bainfear feidhm as an gcruinniú freisin chun an fhostaí a chur ar an eolas maidir le haon fhorbairtí a tharla san obair le linn a neamhláithreachta.