Baineann an polasaí seo le saoire bhliantúil agus le laethanta saoire poiblí. Cuirtear saoire bhliantúil ar fáil ionas go mbeidh ar chumas gach ball den fhoireann sos a ghlacadh ón obair d’fhonn cothromaíocht a bhaint amach idir a gcuid oibre agus a bhfreagrachtaí teaghlaigh agus le haghaidh caithimh aimsire.
Aontaíonn gach a bhfuil sa pholasaí seo le forálacha an Acht um Eagrú Ama Oibre 1997 ó dheas agus Na Rialacháin Ama Oibre 1998 ó thuaidh maidir le saoire bhliantúil agus laethanta saoire poiblí. Leagann an polasaí amach freisin cearta agus dualgais gach ball den fhoireann maidir le saoire bhliantúil agus laethanta saoire poiblí.
An cuspóir atá leis an bpolasaí seo ná a chinntiú go bhfuil gach fostaí ar an eolas faoina gcearta agus a ndualgais maidir le saoire bhliantúil agus laethanta saoire poiblí, de réir pholasaí na heagraíochta.
Tá an polasaí seo i bhfeidhm do gach ball d’fhoireann na heagraíochta.
Tá gach fostaí i dteideal saoire bhliantúil. Leagtar amach na híosteidlíochtaí do Shaoire Bhliantúil agus do laethanta saoire poiblí do gach fostaí san Acht um Eagrú Am Oibre, 1997 ó dheas agus Na Rialacháin Ama Oibre (TÉ) 1998 ó thuaidh.
Ritheann an bhliain saoire comhthreomhar leis an mbliain féilire, ag tosnú an 1 Eanáir go 31 Nollaig.
Bronntar Saoire Bhliantúil bunaithe ar na huaireanta iarbhír oibre a dhéanann fostaí agus déantar saoire bhliantúil a ríomh de réir fhorálacha an Achta um Eagrú Ama Oibre 1997 ó dheas agus Na Rialacháin Ama Oibre (TÉ) 1998 ó thuaidh. Bíonn liúntas saoire gach ball den fhoireann san eagraíocht de réir Ghráid. Tá fostaithe na heagraíochta i dteideal Saoire Bhliantúil mar atá leagtha amach ina gconradh fostaíochta. Déantar saoire bhliantúil a ríomh d’fhostaithe páirtaimseartha agus d’fhostaithe a thosaíonn a gcuid fostaíochta i rith na bliana saoire a ríomh ar bhonn pro rata.
Ní mór do gach fostaí an liúntas saoire bliantúil atá acu a thógail le linn na bliana reatha, nó caillfidh siad na laethanta seo ach amháin i gcás más de bharr éilimh oibre a tharla sé nár fhéad sé/sí saoire a thógáil. Sa chás seo, ní bheidh cead níos mó ná 3 lá oibre a thógáil ar aghaidh agus is gá go mbeidh na laethanta seo tógtha faoi 28 Feabhra na bliana nua. Féadfaidh fostaithe cur isteach ar a saoire bhliantúil a ghlacadh ar pé bealach is fearr a oireann dá riachtanais phearsanta féin, ach tá faomhadh na saoire sin faoi rogha na bainistíochta. Moltar go nglacfaí ar a laghad tréimhse shaoire fada amháin (i. tréimhse coicíse), agus iarrtar ar fhostaithe formhór a liúntas saoire a thógáil le linn an tSamhraidh, idir Mheitheamh agus deireadh Lúnasa ach níl sé ceadaithe saoire a ghlacadh le linn tréimhse na moltóireachta.
Má bhíonn níos mó ná dó nó trí lá saoire fágtha, is féidir leis an bhfostóir iarraidh ar fhostaí na laethanta sin a thógáil ach mí fógra a thabhairt dóibh roimh críoch na bliana saoire reatha, nó is féidir le fostaí iarratas a dhéanamh ar an saoire breise a thógáil taobh istigh de dhá mhí i ndiaidh don bhliain saoire críochnú.
Beidh an polasaí i dtaobh fógra do shaoire i bhfeidhm. A mhéid is indéanta go praiticiúil, ba chóir d’fhostaithe an oiread fógra is féidir a thabhairt faoin rún atá acu saoire bhliantúil a ghlacadh. Is gá gach iarratas ar shaoire bhliantúil a dhéanamh i scríbhinn chuig an Bainisteoir Acmhainní Daonna agus chuig do bhainisteoir líne. Is gá do gach fostaí laethanta saoire a bheith ceadaithe seachtain ar a laghad roimh ré trí iarratas ar shaoire a fháil údaraithe ag an mBainisteoir Acmhainní Daonna nó do bhainisteoir líne. Ní mór iarratas ar shaoire do thréimhse seachtaine nó níos mó a chur faoi bhráid an Bainisteoir Acmhainní Daonna agus do bhainisteoir líne ar a laghad mí roimh ré.
Féadfar eisceachtaí a cheadú nuair a iarrtar Saoire Bhliantúil ar fhógra ghearr ar chúiseanna ar leith.
Tá ceadú laethanta saoire bunaithe ar an riachtanas a chinntiú go bhfuil foireann leordhóthanach ar fáil chun gnó na heagraíochta a chur i gcrích go laethúil. Déantar gach iarracht riachtanais réasúnta maidir le laethanta saoire gach fostaí a shásamh. Breithneofar iarratais ar shaoire de 2 sheachtain nó níos mó ag aon am amháin i gcomhthéacs na riachtanas gnó, agus féadfar é a fhaomhadh nó a dhiúltiú faoi rogha na bainistíochta.
Forchoimeádann an eagraíocht an ceart laethanta áirithe a ainmniú ar ghá a ghlacadh mar laethanta saoire.
Tá sé mar pholasaí ag an eagraíocht seo sochar a sholáthar i ndáil le laethanta saoire poiblí ó dheas agus laethanta saoire poiblí ó thuaidh, agus tá gach fostaí i dteideal lá saoire ar na laethanta saoire poiblí sin ag braith ar lonnaíocht an fhostaí, mar atá:
Ó dheas:
|
Ó Thuaidh:
|
Nuair a thiteann saoire phoiblí ar lá oibre, beidh fostaí lánaimseartha i dteideal lá saor má oibrítear ar an lá saoire. Nuair a thiteann an lá saoire poiblí ar lá nach mbeadh dualgas ar an bhfostaí bheith ag obair de ghnáth beidh sé/sí i dteideal lá saor ina ionad. Chun go mbeadh fostaí páirtaimseartha i dteideal sochair i leith saoire phoiblí, bheadh air/uirthi 40 uair an chloig oibre nó níos mó a dhéanamh sna 5 seachtaine roimhe sin.
Nuair a thiteann an lá saoire poiblí ar ghnáthlá oibre d’fhostaí páirtaimseartha, gheobhaidh sé/sí ceann de na sochair atá imlínithe thuas d’fhostaithe lánaimseartha, ríofa ar bhonn na n-uaireanta a chaitheadh an t-oibrí páirtaimseartha ag obair an lá sin.
Nuair a thiteann an lá saoire poiblí ar lá nach mbeadh an t-oibrí páirtaimseartha ag obair de ghnáth,beidh sé/sí i dteideal sochair cothrom leis an gcúigiú cuid dá ngnáthsheachtain oibre.
Má tharlaíonn fostaí a bheith tinn le linn saoire agus go gcuireann sé/sí teastas dochtúra ar fáil, ní chomhraítear na laethanta sin mar chuid den saoire bhliantúil.
Ní féidir saoire bhliantúil a thógaint in ionad saoire bhreoiteachta ná a mhalairt, ní ionann saoire bhreoiteachta agus saoire bhliantúil. I gcás go lorgaítear saoire bhliantúil tar éis saoire bhreoiteachta, ní mór teastas a chur ar fáil roimh ré ag insint go bhfuil an fostaí ábalta filleadh ar an obair.
Cuirfear pá ar fáil le haghaidh saoire bhliantúil ag an ngnáthráta laethúil. Ní cheadaítear íocaíocht in ionad saoire bhliantúil reachtúil ach amháin i gcás fhoirceannadh na fostaíochta. Ar fhoirceannadh na fostaíochta, i gcás gur ghlac fostaí saoire bhliantúil níos mó ná an méid a fabhraíodh sa tréimhse lena mbaineann an tsaoire, féadfar suim a asbhaint ó phá deiridh an fhostaí sin.