An cuspóir atá leis an bpolasaí seo ná a léiriú go n-éilíonn Glór na nGael ar gach fostaí a bheith poncúil don obair de réir conradh fostaíochta gach fostaí.
Tá feidhm ag an bpolasaí seo i leith na bhfostaithe uile.
Tá sé ina pholasaí ag an eagraíocht an caighdeán is airde poncúlachta a éileamh ar gach fostaí. Beifear ag súil go sroichfidh gach fostaí an obair in am mar atá leagtha amach ina gconradh fostaíochta agus faoin Nós Imeachta.
Má theipeann ar fhostaí cloí leis an bpolasaí seo déileálfar leis an scéal trí nós imeachta smachta na heagraíochta. Tríd is tríd, déileálfar le cúrsaí go neamhfhoirmiúil ar dtús, ach féadfaidh an eagraíocht tús a chur leis an nós imeachta smachta ag cibé céim a mheasann an eagraíocht a bheith iomchuí.