Uirlisí cumhachtacha cumarsáide is ea iad an líonrú sóisialta agus na meáin shóisialta atá ina gcuid lárnach d’oibríochtaí gnó na heagraíochta, ach a bhféadfadh tionchar nach beag a bheith acu ar chlú eagraíochtúil agus gairmiúil. Tá beartas forbartha ag an eagraíocht d’fhonn solas a thabhairt ar an gcaoi ar chóir d’fhostaithe an leas is fearr is féidir a bhaint as na huirlisí cumarsáide seo. I measc na láithreán gréasáin agus na n-ardán meán sóisialta arb ann dóibh tá an Bhlagáil, Twitter, Facebook, LinkedIn, YouTube, Pinterest, WhatsApp, Periscope, Viber, Skype, Snapchat, SoundCloud, Instagram, Vicithe, cláir teachtaireachtaí, seomraí comhrá, nuachtlitreacha leictreonacha, fóraim ar líne, srl.
Ní mór d’fhostaithe cloí leis na caighdeáin iompraíochta chéanna ar líne leis na caighdeáin a gcloíonn siad leo san fhíorshaol. Tá feidhm ag na dlíthe, ag na hionchais ghairmiúla agus ag na treoirlínte céanna i ndáil le hidirghníomhú le comhghleacaithe oibre, le cliaint, leis na meáin agus le tríú páirtithe eile ar líne leis an gcéanna san fhíorshaol.
Tá feidhm ag an mbeartas seo ar cibé forbairtí a thiocfaidh ar acmhainn agus ar úsáid an líonraithe shóisialta agus na meán sóisialta amach anseo.
Ní mór d’fhaisnéis a phostáiltear ar láithreáin líonraithe shóisialta an reachtaíocht atá i bhfeidhm tráth a postáilte a chomhlíonadh. Ní mór aird ar leith a thabhairt ar an reachtaíocht seo a leanas:
Ina theannta sin, caithfear an beartas seo maidir leis na meáin shóisialta a léamh in éineacht le beartais fostaithe eile. Is ceart aird ar leith a thabhairt ar dhínit ag an obair, ar chomhionannas, ar bhulaíocht agus ciapadh, ar úsáid an Idirlín agus an ríomhphoist, ar mhaoin intleachtúil agus ar rúndacht.
Níor chóir go gcuirfeadh úsáid na meán sóisialta isteach ar fhreagrachtaí an fhostaí ag an eagraíocht. Is leis an eagraíocht córas teicneolaíocht faisnéise na heagraíochta agus níl sé le húsáid ach chun críocha gnó. Agus córas teicneolaíocht faisnéise na heagraíochta á úsáid, ceadaítear úsáid na meán sóisialta chun críocha gnó (Twitter, Facebook, LinkedIn, Instagram, Periscope, blag na heagraíochta más ann dóibh), ach cuirtear in aghaidh líonraí meán sóisialta a úsáid nó inneachar ar líne a bhlagáil go pearsanta, agus d’fhéadfadh caingean smachta, dífhostú san áireamh, bheith mar thoradh orthu sin.
Is tusa atá freagrach go pearsanta as a bpostálann tú nó a bhfoilsíonn tú ar láithreáin mheán sóisialta. Is cóir do na fostaithe uile bheith aireach ar a bpostálann siad, ar na daoine ar féidir leo na postálacha sin a fheiceáil, agus ar an gcaoi a bhféadfaí ceangal a dhéanamh idir na postálacha agus na heagraíochta agus comhghleacaithe oibre. Ní ceadmhach d’fhostaithe faisnéis a úsáid ná a fhoilsiú ar aon láithreán meán sóisialta i gcásanna ina bhféadfadh a leithéid d’úsáid cur isteach ar an eagraíocht nó ar fhostaithe dá cuid.
Is cóir do na fostaithe uile bheith ar an eolas go ndéanann na heagraíochta monatóireacht ar an idirlíon agus ar na meáin shóisialta go rialta maidir lena cuid oibre agus d’fhonn coinneáil ar an eolas faoina mbíonn á rá i measc an phobail, faoi láithreacht ar líne na heagraíochta féin agus faoi thuairimí na hearnála/cliaint. Cé nach ndéanann na heagraíochta monatóireacht ar leith ar inneachar de chuid fostaithe ar láithreáin mheán sóisialta ar bhonn leanúnach; níor chóir go mbeadh fostaithe ag súil le príobháid ina leith seo, ámh. Coimeádann na heagraíochta an ceart aici féin chun aon fhaisnéis a bhféadfadh tionchar diúltach a bheith aici ar an eagraíocht nó ar fhostaithe dá cuid a úsáid chun críocha smachta, cibé acu a thagann an lucht bainistíochta ar an bhfaisnéis sin agus monatóireacht rialta á déanamh acu ar an idirlíon nó a dhíríonn duine dá fostaithe, dá cliaint, nó den phobal i gcoitinne aird na heagraíochta uirthi.
Ní ceadmhach d’fhostaithe ábhar a phostáil atá neamhfhóirsteanach nó a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh don eagraíocht, d’fhostaithe dá cuid, nó do chliaint dá cuid, bíodh sé le linn na n-uaireanta gnó nó i ndiaidh an lae oibre i gcáil phearsanta. Agus na meáin shóisialta á n-úsáid ag fostaithe, ní ceadmhach dóibh:
Comhlíonfaidh fostaithe a phostálann ábhar ar láithreáin líonraithe shóisialta na treoirlínte dea-chleachtais seo a leanas:
Is cóir d’fhostaithe bheith feasach ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag a ndéanann siad ar a gclú féin, mar aon le clú na heagraíochta. Ní ann don phríobháid i saol na meán sóisialta. Déan machnamh ar a bhféadfadh a tharlú dá dtiocfadh a lán daoine ar an eolas faoin bpostáil agus ar cén chuma a chuirfí ar an duine a phostáil í agus ar an eagraíocht féin dá barr. Tá innill chuardaigh in ann teacht ar phostálacha blianta tar éis a gcruthaithe, agus is féidir tráchtanna a chur ar aghaidh nó a chóipeáil. Mura ndéarfá le duine de chuid na meán é, déan machnamh ar cibé acu ba cheart nó nár cheart duit é a phostáil ar líne.
Bíodh an t-eolas cruinn agat sula bpostálfaidh tú ar na meáin shóisialta é. Déan athbhreithniú ar an inneachar lena chinntiú go bhfuil sé fíorasach agus saor ó bhotúin ghramadaí agus litrithe, go háirithe más á phostáil thar ceann na heagraíochta atá tú. Más rud é go ndearna tú botún, bí ar an gcéad duine chun é sin a chur in iúl agus chuir ina cheart é gan aon mhoill.
Léirigh meas do dhaoine eile i ngach a ndeir tú, i leith an inneachair agus an toin araon. Is ceart duit a thuiscint go bhféadfadh sé go ndéanfaí tráchtanna ar an méid a phostálann tú ar láithreáin mheán sóisialta nó go ndéanfaí plé ar smaointe nach bhfuil ag teacht le do smaointe féin dá bharr. Is cóir machnamh measta a dhéanamh ar fhreagraí, ag féachaint don chuma a chuirfidís ar an té atá ag postáil na teachtaireachta agus/nó ar an eagraíocht féin. Má bhuaileann fostaithe ar chás a d’fhéadfadh éirí achrannach agus na meáin shóisialta á n-úsáid acu, is cóir d’fhostaithe éirí as an bplé ar bhealach béasach agus dul i ndáil chomhairle le maoirseoir.
Bíodh tuiscint agat gurb ionann trácht a dhéantar i saol na meán sóisialta agus trácht a dhéantar os comhair an phobail i gcoitinne. Áirítear leis seo cliaint ionchasacha agus fostaithe na heagraíochta.
Coinnigh do bhaint leis an eagraíocht i gcuimhne agus líonraí sóisialta ar líne á n-úsáid agat. Ní mór duit tú féin a chur in aithne agus do ról a lua má luann tú na heagraíochta nó má dhéanann tú trácht uirthi. I gcásanna ina gcuireann tú in iúl gur fostaí de chuid na heagraíochta thú, bí cinnte go bhfuil do phróifíl agus an t-inneachar a bhaineann léi in oiriúint leis an gcaoi a n-iompraíonn tú tú féin le comhghleacaithe agus le cliaint. Ní mór duit scríobh sa chéad phearsa agus a lua go soiléir gur leatsa na tuairimí a chuirtear in iúl agus ní tuairimí na heagraíochta iad. Má fhoilsíonn fostaithe inneachar a bhaineann le cúram na heagraíochta tar éis an lae oibre, is ceart dóibh a dhéanamh soiléir go bhféadfadh sé nárbh ionann na tuairimí a chuirtear in iúl agus tuairimí na heagraíochta, agus go nochtar i gcáil phearsanta iad. Is cóir séanadh a úsáid, mar shampla: “Is liomsa amháin an méid a phostálaim ar an láithreán seo agus d’fhéadfadh sé nach léireofaí seasamh, straitéisí ná tuairimí na heagraíochta ann.”
Ní ceadmhach moltaí, teistiméireachtaí ná tráchtanna a bhaineann le saintréithe gairmiúla a phostáil i ndáil le fostaithe, le hiar-fhostaithe, ná le cliaint ar na meáin shóisialta ná ar láithreáin líonraithe shóisialta. Is féidir lena leithéid de mholtaí a thabhairt le tuiscint gur moltaí thar ceann na heagraíochta iad, fiú amháin má chuirtear séanadh lena leithéid de thrácht. Má iarrtar ar fhostaithe moladh den sórt sin a thabhairt, is cóir dóibh a chur in iúl nach ceadmhach dóibh a leithéid de mholtaí a thabhairt de bhun bheartas na heagraíochta agus gur féidir teistiméireacht fhoirmiúil a lorg de réir an ghnáthbheartais um theistiméireachtaí.
Is tábhachtach d’fhostaithe aon ghníomhaíocht nó aon iompar neamhfhóirsteanach a fheiceann siad ar na meáin shóisialta ag aon am ar bith a thuairisciú ar an bpointe nuair is gníomhaíochtaí nó iompar iad a bhaineann leis an eagraíocht, le fostaithe dá cuid nó le cliaint dá cuid. Is cóir duit do mhaoirseoir nó ball eile den lucht ardbhainistíochta a chur ar an eolas faoi láithreach bonn. Fiosrófar gach líomhain a dhéantar le hintinn mhaith go hiomlán agus faoi rún daingean. Éilítear ort comhoibriú le gach fiosrúchán maidir le sáruithe líomhnaithe ar an mbeartas.
D’fhéadfadh caingean smachta, dífhostú san áireamh, bheith mar thoradh ar aon sárú ar an mbeartas seo.
Tabhair do d’aire go bhféadfadh sé go mbeadh caingean smachta, dífhostú san áireamh, mar thoradh ar aon ghníomhaíocht ar líne a dhéantar i ndiaidh an lae oibre lena sáraítear an beartas seo nó aon bheartas eile de chuid na heagraíochta.