Is é aidhm an pholasaí seo tiomantas Ghlór na nGael a léiriú do chur i bhfeidhm córais a chinntíonn nach n-ardaíonn coimhlint leasa agus go bhfuil an eagraíocht ag gníomhú de réir cheanglais na reachtaíochta lena mbaineann. Le cois na gceanglas dlíthiúil faoi Acht na gCuideachtaí 2006 ó thuaidh agus Acht na gCuideachtaí, 2014 ó dheas, cuirfear i bhfeidhm an polasaí seo a leanas chun trédhearcacht i ngach gníomh a ghlacann Glór na nGael a chinntiú. Aithníonn Glór na nGael go bhféadfadh coimhlint leasa dhealraitheach a bheith lán chomh dochrach le fíorchoimhlint leasa a bheith ann agus nach mór, dá réir, a leithéid a sheachaint
Tá an polasaí seo i bhfeidhm do gach ball d’fhoireann na heagraíochta agus do chomhaltaí boird na heagraíochta araon.
Arna cheapadh chuig Glór na nGael, ní mór do gach ball den fhoireann agus ball den Bhord Stiúrtha sonraí a chur ar fáil do cheannasaí na heagraíochta maidir lena c(h)uid fostaíochta agus gach leas gnó eile lena n-áirítear scairshealbhaíochtaí, caidrimh ghairmiúla srl., a bhféadfadh coimhlint leasa a bheith ag gabháil leo nó a d’fhéadfadh tionchar ábhartha a imirt ar an mball foirne / ar an mBord Stiúrtha maidir le cur i gcrích a c(h)uid feidhmeanna mar fhostaí / mar bhall den Bhord Stiúrtha. Maidir le leasanna ar bith de chuid duine de chlann an fhostaí / Bhord Stiúrtha a mbeifí ag súil go réasúnta leis go mbeadh sé/sí ar an eolas fúthu nó aon duine nó foras a bhaineann leis an bhfostaí / mball den Bhord Stiúrtha a bhféadfaí coimhlint leasa a bheith ag gabháil leis nó a d’fhéadfadh tionchar ábhartha a imirt ar an bhfostaí / mball den Bhord Stiúrtha maidir le cur i gcrích a c(h)uid feidhmeanna ní mór dó/di iad seo a nochtadh chomh maith. Chun na críche seo, áireofar na daoine agus na forais seo a leanas orthu siúd a bhaineann leis an bhfostaí / mball den Bhord Stiúrtha:
Bhord Stiúrtha nó na daoine ag (a) nó (b) thuas nó an comhlacht corpraithe ag
thuas ina dtairbhithe dá bharr;
chuid aon duine nó forais atá, de bhua (a) – (d) thuas, bainteach leis an bhfostaí / mball den Bhord Stiúrtha.
D’fhéadfaí tuiscint as gurb ann do choimhlint leasa i dtosca ina bhfuil leas bainteach ag an bfhostaí / mball den Bhord Stiúrtha mar a shainmhíntear in (a) – (e) thuas nó:
Féadann coimhlintí leasa tarlú mar gheall ar a bheith bainteach sa chinnteoireacht a bhaineann le hullmhú nó cur i bhfeidhm straitéis nó pholasaí Ghlór na nGael, srl.
Seo leanas an eochairtheist a chuirtear i bhfeidhm i ngach cás:
An bhfuil leas an fhostaí / ball den Bhord Stiúrtha réamhchlaonta? – sin le rá an measfadh duine réasúnta, agus na fíricí á scrúdú go hoibiachtúil aige/aici, go mbeadh sé deacair ar an bhfostaí / mball den Bhord Stiúrtha cinneadh a dhéanamh go hoibiachtúil ar mhaithe le leas an phobail gan ligint dá leasanna tionchar a imirt air/uirthi.
I dtosca ina meastar gurb ann do choimhlint leasa, ní mór don fhostaí / ball den Bhord Stiúrtha:
iii. Fanacht amach as aon phlé ar an réimse siúd ina bhfuil leas ag an bhfostaí.
Tar éis do gach fostaí / ball den Bhord Stiúrtha leas / leasanna a chlárú den chéad uair, ba cheart go mbeadh mír ar leith ar chlár na gcruinnithe a thagann ina dhiaidh sin faoin teideal “Eolas Nua i dtaobh leas na bhFostaithe / mBall den Bhord Stiúrtha”. Nuair a ardaítear an mhír sin ar an gclár ba cheart don Cathaoirleach a fhógairt ar bhealach simplí go bhfuil fáilte roimh bhaill den Bhord Stiúrtha a leas a dhearbhú, mar shampla, “Tá fáilte roimh baill den Bhord Stiúrtha a leas a dhearbhú trí theagmháil a dhéanamh le Cathaoirleach na heagraíochta tar éis an chruinnithe”.