Polasaí Bainistiú Airgid
Tá sé de pholasaí ag Glór na nGael bheith trédhearcach agus freagrach ó thaobh airgid de. Ciallaíonn sé go n-íocfar billí in am, go gcoinneofar taifead cruinn de gach ioncam agus caiteachas agus go gcaithfear aon deotas go cúramach.
Faofa ag an bord stiúrtha 05.04.2023
Freagrachtaí
Bord Stiúrtha
Is leis an Bhord Stiúrtha a luíonn an fhreagracht an polasaí seo a mhaoirsiú.
Ceannasaí
Is faoin gCeannasaï agus an Bainisteoir Seirbhísí Riaracháin cur i bhfeidhm éifeachtach an pholasaí a chinntiú. Anuas air seo, titeann sé ar an gCeannasaí a chinntiú go gcuirtear buiséad bliaintiúil le chéile le faomhadh ag an Bhord, agus go gceadaítear aon athruithe don bhuiséad sin.
Bainisteoir Seirbhísí Riaracháin
Tá an Bainisteoir Seirbhísí Riaracháin freagrach as an pholasaí seo a chur i bhfeidhm ó lá go lá, faoi stiúir an Cheannasaí. Clúdaíonn sé sin:
- Cleachtas éifeachtach bainistiú airgid a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm
- Buiséad a chur le chéile agus a chur os comhair an Bhoird Stiúrtha
- Gach taifead ioncam agus caiteachais a choinneáil cruinn agus suas chun dáta
- A chinntiú go n-íoctar billí in am agus go mbailítear aon airgead atá le teacht isteach chuig an eagraíocht.
- Tuarastal agus costais as póca na foirne a íoc
- Deontais na heagraíochta a riaradh agus a bhainistiú
- Tuairisiciú a dhéanamh ar chaitheamh na ndeontas agus ar bhaint amach spriocanna
- Tuairiscí ioncaim agus caiteachais a ullmhú don Bhord Stiúrtha ar bhonn rialta
- Cuntais bhliaintiúil na heagraíochta a ullmhú agus a thabhairt don chuntasóir agus don iniúchóir neamhspléach
Cleachtas
A. Cuntais
- Is gá tuairisc ar staid reatha airgeadais na heagraíochta a ullmhú agus a chur os comhair an Bhoird Stiúrtha ag gach cruinniú dá chuid)
- Ba chóir dréachtchóip de na cuntais bheith réidh taobh istigh de thrí mhí ó dheireadh na bliana airgeadais. Déanfar iniúchadh seachtrach orthu ansin agus tar éis dóibh a bheith faofa ag an Bord Stiúrtha, cuirfear iad go dtí an Rialálaí Carthanais roimh aon spriocdháta.
- Coinneoidh Glór na nGael aon taifid airgeadais don tréimshe dleathach de sheacht mbliana
B. Iniúchadh Neamhspléach
- Roghnóidh an Bord Stiúrtha eagraíocht neamhspléach, seachtrach le iniúchadh a dhéanamh ar chórais agus ar thaifid airgeadais Ghlór na nGael ar bhonn bliaintiúil lena chinntiú go bhfuil Glór na nGael trédhearcach, freagrach agus iontaofa. Déanfar an roghnúchán seo a dhearbhú ag CCB na heagraíochta go bliantúil.
C. Caiteachas a Cheadú
- Tá sé de chead ag an Cheannasaí an caiteachas seo a leanas a cheadú ar son an Bhord Stiúrtha: tuarastail na heagraíochta, costais as póca na foirne agus saothar, seirbhísí agus táirgí le plean na heagraíochta a chur i bhfeidhm, de réir mar atá aontaithe sna buiséid ag an mBord Stiúrtha.
- Is gá do gach Bainisteoir an caiteachas a iarraidh ar an fhoirm Réamhíocaíochtaí, é a shíniú agus ceadú an Cheannasaí a fháil sula ndéantar aon íocaíocht.
D. Tuarastail agus Costais as Póca
- Tá an Bainisteoir Seirbhísí Riaracháin freagrach as párolla na heagraíochta a ullmhú gach mí. Tá sé de dhualgas ag gach bainisteoir-líne a chinntiú go bhfuil gach eolas ag an Bhainisteoir Seirbhísí Riaracháin a dtiocfadh leis tionchar bheith aige ar an tuarastal m.sh. laethanta tinnis, saoire máithreachais agus mar sin de. Ceadóidh an Ceannasaí an párolla sula íocfar é.
- Ritheann an mhí tuarastail ón chéad lá go dtí an lá deireanach den mhí. Íoctar coicís i riaráiste agus coicís chun tosaigh. Mar shampla, má thosaíonn duine úr ar an 8ú den mhí, íoctar iad ón 8ú go dtí an 30ú lá den mhí. Íoctar an tuarastal ar an 18ú lá den mhí nó an lá oibre deireanach roimh an 18ú más rud é go dtiteann sé ag an deireadh seachtaine nó ar lá saoire póiblí.
- Ba cheart gach éileamh ar chostais as póca a dhéanmh tríd an córas Pleo. Clúdaíonn sé seo admhálacha agus míleáiste. Is gá do na Bainisteoirí Líne an caiteachas a cheadú trí Pleo. Déanfaidh an Bainisteoir Seirbhísí Riaracháin athbhreithniú ar na hadmhálacha agus na héilimh atá le haisíoc.
- Ceadófar costais agus turais, réamhcheadaithe ag an mBainisteoir-Líne, a bhaineann le obair a cuireadh a gcrích ar son Ghlór na nGael amháin.
- I measc na gcostas atá inghlactha tá:
a. Iompar póiblí
b. Pairceáil agus droichead dola
c. Míleaiste: cruinnithe foirne, cruinnithe timireachta, imeachtaí, moltóireacht
d. Lónadóireacht (Féach polasaí taisteal agus cothabháil ar chúrsaí gnó) - Más costas as póca atá i gceist, ní mór an t-eolas seo a leanas a chur ar fáil:
a. Admháil don chostas
b. Cén cinéal costais a bhí ann mar shampla páirceáil, lónadóireacht nó droichead dola
c. Cúis an chostais, mar shampla ‘páirceáil ag Ollscoil na Gaillimhe-Moltóireacht 3ú Leibhéal’. - Ní mór an t-eolas seo a leanas a líonadh isteach ar gach turas atá luaite ar an éileamh costas:
a. Áit tosnaithe
b.Ceannscríbe, agus gach áit ar stop tú má bhí cúpla cruinniú i gceist
c. Más turas fillte a bhí ann
d. Cúis an turais m.sh. Cuairt timireachta le CLG Naomh Muire, ullmhú iarratas deontais
Ní cheadófar aon chostas nach bhfuil ag cloí leis na treoracha thuas.
E. Teorainn Caiteachais
- Tá cead ag gach Bainisteoir a buiséad a chaitheamh de réir mar is cuí le spriocanna na heagraíochta a bhaint amach. Sa chás go bhfuil aon idirbheart amháin ar luach €1000 nó níos mó, is gá é sin a phlé leis an Cheannasaí le luach airgid don eagraíocht a chinntiú.
- Is gá sonrasc a chur ar fáil don Bhainisteoir Seirbhísí Riaracháin sula n-íocfar aon chostas. Ba cheart go mbeadh an t-eolas seo a leanas ar gach sonrasc:
a. Ainm agus seoladh an ghnó
b. Dáta an tsonraisc
c. Uimhir sonraisc
d. Táirgí nó seirbhísí a cuireadh ar fáil
e. Iomlán le híoc
f. Uimhir CBL, más ábhartha
g. Uimhir PRSI/aráchas náisiúnta i gcás duine féinfhostaithe - Tá uasmhéid údaráis caiteachais ag an gCeannasaí de €5,000 agus an caiteachas sin taobh istigh de buiséid aontaithe na heagraíochta. I gcas caiteachas idir €5000 agus €10,000, is gá cead an An Chathaoirligh a fháil ina leith.
- Tá cead ag an Bhainisteoir Seirbhísí Riaracháin suas go €1000 a chaitheamh ar threalamh oifige.
- Tá cead ag an Bhainisteoir Seirbhísí Riaracháin suas go €2,500 a chaitheamh ar stoc Siopa Údar, seachas i gcás orduithe scoile mar tá an stoc díolta le scoileanna cheana. Tá gá le ceadú an Cheannasaí ar aon chaiteachas thar luach €2,500.
Bainistiú Caiteachais
Déanfar an caiteachas seo a leanas go lárnach tríd an Bhainisteoir Seirbhísí Riaracháin
- Trealamh oifige, bogearraí agus stáiseanóireacht
- Cíos seomraí do chruinnithe foirne srl, tiocfaidh cíos do rudaí ar nós an Bronnadh as buiséad na rannóga eagsúla agus mar sin is féidir leis na Bainisteoirí cuí féin sin a shocrú
- Lóistín – Ceadóidh an Cheannasaí (agus/nó an Bainisteoir cuí) aon lóistín roimhré agus socrófar é go lárnach lena chinntiú go níoctar as leis an bhuiséad ceart. Bainfear úsáid as cárta na hoifige sa chéad áit agus Pleo más gá íoc ar an láthair.
- Stoc Siopa Údar. Tá gá le ceadú an Cheannasaí ar aon chaiteachas thar luach €2,500.
F. Cártaí Pleo
Faoi láthair tá cártaí Pleo ag an fhoireann bainistíochta, ag Úna, ag tiománaí Veain COGG agus ag na hoifigigh forbartha sa rannóg teaghlaigh. Tá an cárta seo ceangailte le cuntas -4168 agus íocfar gach caiteachas air ar ais sa chuntas ón fhoinse maoinaithe ceart. Níl cárta fisicúil nó digiteach ag ball foirne ar bith eile.
Ba cheart oiread caiteachais agus is féidir a chur fríd an oifig, agus an cárta Pleo a úsáid ar bhonn éisceachtúil amháin chun íoc as na cineálacha costais seo a leanas;
- Costais oifige nuair nach féidir é a shocrú tríd an oifig le sonrasc
- Cíos seomraí nuair nach nach féidir é a shocrú tríd an oifig nó le sonrasc
- Costais óstán nuair nach nach féidir é a shocrú tríd an oifig
- Costais chothabhála cruinnithe foirne
- Costas cruinnithe eile i gcasanna eisceachtúla
G. Ócáidí Díolacháin Siopa Údar
Cé go ndéantar an chuid is mó de dhíolachán Siopa Údar ar líne nó ar bhonn sonraisc, tá cúpla éisceacht ann. Eagraítear líon teoranta ócáid poiblí díolachán; An Comórtas Náisiúnta Treabhdóireachta agus An Seó Náisiúnta Ceardaíochta san RDS. Is féidir táirgí a dhíol le daoine a thagann isteach san oifig chomh maith.
Ba cheart plé leis an díolachán sin mar seo a leanas:
- Na táirgí a díoladh a thaifead ar an chóras POS ar an suíomh
- San oifig, íocaíochtaí a ghlacadh le inneall Banc na hÉireann
- Ag ócáidí díolacháin, íocaíochtaí a ghlacadh le airgead tirim nó trí SumUp
- Admháil a thabhairt don chustaiméir
Cuirfear scipéad ar fáil d’ócáidí díolacháin. Ní bheidh aon airgead tirim in úsáid san oifig.
Ag deireadh an lae oibre déanfaidh beirt an tairigd tirim a chomhaireamh agus cinnteofar go bhfuil sé ag teacht le luach airigd an scipéad díolachán. Síneoidh an bheirt cáipéis ag dearbhú luach airgid an scipéad díolachán. Déanfar an luach iomlán seo a lositeáil i gcuntas bainc Ghlór na nGael a luaithe agus gur féidir. Nó sa chas gur ócáid díolachán roinnt laethanta atá i gceist aontófar idir an bheirt méid an loisteála agus cuirfear sin i gcuntas bainc Ghlór na nGael a luaithe agus gur féidir. Tiocfaidh luachanna na loisteálacha le luach díolachán na laethana díolachán.
Níl cead aon airgead tirim a úsáid (ag ócáidí díolachán mar an RDS nó an Treabhadóireacht nó ag aon ócáid eile) le híoc as bia. Ní ghlacfar le hadmhálacha ar luach bia sa scipéad, mar chuid den iomlán. Má tá cothabháil de dhíth, déantar sin tríd an gnáth-chóras costaisí cothabhála.
Veain COGG
Ní bheidh veain COGG ag plé le híocaíochtaí. Is féidir orduithe a bhailiú ag úsáid an fhoirm seo agus é a chur chuig an oifig le próiseáil. Éiseofar sonrasc chuig na scoileanna le híoc.
H. Imeachtaí (Teaghlaigh, Bronnadh, Cúrsaí Traenála)
- Sa chás gur gá áiteanna a chur in áirithe nó íoc as ticéid d’imeacht bainfear úsáid as JotFrom nó TicketTailor. Tá an dá chóras seo ceangailte le Stripe, ardán íocaíochta ar nós PayPal.
- Má tá costas breise leis an imeacht (m.sh. lóistín, imeachtaí ag deireadh an Saoire Gaeltachta), bainfear úsáid as Stripe le sonrasc a chur ar fáil don rannpháirtí agus baileofar an t-airgead tríd an córas Stripe. Is féidir le rannpháirtithe a íoc le cárta, seic, BACs nó airgead tirim.
- Sa chás go mbeidh íocaíochtaí cárta ann, is gá an t-inneall SumUp a ghlacadh chuig an imeacht.
- Más airgead tirim atá i gceis; déanfar comhaireamh ar luach an ioncaim a luaithe agus is féidir. Má tá an dara oifigeach ag obair ag an ócáid, cinnteofar an dara síniú ar an gcomhaireamh. Bronnfar an t-airgead ar an mBainisteoir réigiúnach cuí, síneoidh sé/sí go bhfuil an comhaireamh ceart agus bronnfar admháil ar an té a thug an airgead. Déanfaidh an Bainsiteoir réigiúnach loisteáil ar an airgid a luaithe agus gur féidir. Seolfar an comhaireamh sínithe (sínithe ag an tiúir thuas) chuig an Bainisteoir Seirbhísí Riaracháin móide an admháil loisteála. Síneoidh an Bainisteoir Seirbhísí Riaracháin an comhaireamh agus cinnteoidh sí go bhfuil sé ag teacht leis an loisteáil a rinneadh sa bhanc.
I. Clarúchán coistí agus clubanna
- Beidh gá le gach coiste agus club CLG clárú le Glór na nGael tríd an córas JotForm, atá ar shuíomh Ghlór na nGael.
- Beidh rogha ag na coistí agus clubanna íoc láithreach le cárta bainc, nó sonraisc a iarraidh.
- Má roghnaítear sonrasc, is féidir an sonrasc sin a chruthú in Stripe agus is féidir le rannpháirtithe é a íoc le cárta, seic nó BACs. Ní ghlacfar le hairgead tirim ó choistí agus clubanna.
- Cinnteoidh an Bainisteoir Seirbhísí Riaracháin (nó oifigeach riaracháin) go bhfuil an íocaíocht taghta, déanfaidh sí an lóisteáil más gá agus cuirfidh sí in iúl don Bhainsteoir Rannóige.
J. Urraíocht ar Dhuaiseanna
- Is gá do na Bainisteoirí Rannóige (don Bhainisteoir Fiontraïochta ó Bhealtaine 2023 ar aghaidh) aon urraíocht atá aontaithe le eagraíocht seachtrach a chur in iúl don Bhainisteoir Seirbhísí Riaracháin
- Cuirfear sonrasc chuig an urraitheoir ón chóras cuntasaíochta
- Cinnteoidh an Bainisteoir Seirbhísí Riaracháin (nó oifigeach riaracháin) go bhfuil an íocaíocht tagtha, déanfaidh sí an lóisteáil más gá agus cuirfidh sí in iúl don Bhainsteoir Rannóige.
- Cuirfear admháil chuig an urraitheoir agus cuireadh chuig an ócáid bhronnta.
K. Deontais
- Ó am go chéile bíonn Glór na nGael ag bronnadh deontas ar choistí nó ar chlubanna atá cláraithe linn
- Ní mór don Bhainisteoir Rannóige foirm iarratais cuí a ullmhú don deontas sin, agus ráiteas baince chomh maith le sonraí íocaíochta an iarrthóra a lorg mar chuid de.
Uasdátaithe: 28.04.2025
Le hathbhreithniú: Mí Aibreáin 2026