An cuspóir atá leis an bpolasaí seo ná a léiriú go bhfuil Glór na nGael tiomanta do chomhdheiseanna i ndáil le hoiliúint agus béim a leagan ar thiomantas na heagraíochta deiseanna forbartha a sholáthar do na Fostaithe de réir riachtanais phoist. Léiríonn an polasaí freisin go bhfuil an eagraíocht ag comhlíonadh na nAchtanna um Chomhionannas fostaíochta, 1998 agus 2004 ó dheas agus an An tOrdú um fhostaíocht agus um Dhéileáil Chothrom (Tuaisceart Éireann) 1998.
Tá feidhm ag an bpolasaí seo i leith na bhFostaithe uile.
POLASAÍ
Féadfar oiliúint a sholáthar ar bhealaí éagsúla, idir léachtaí mar a bheadh i seomra ranga agus oiliúint sa phost a chuireann comhghleacaí nó Bainisteoir ar fáil. I ngach cás, is modh luachmhar an oiliúint lena chinntiú go bhfuil Fostaithe in iúl ar a ról agus go bhfuil ar a gcumas an ról sin a chomhlíonadh de réir cheanglais na heagraíochta. Tarlaíonn formhór na hoiliúna agus na forbartha go neamhfhoirmiúil sa phost féin. Is fostóir comhdheiseanna an eagraíocht seo. Sa chomhthéacs seo déanfar gach cinneadh a bhaineann le hoiliúint a sholáthar ag tagairt do riachtanais phost an fhostaí, a riachtanais forbartha ar leith agus riachtanais na heagraíochta. Ní dhéanfar aon tagairt dóibh seo a leanas: inscne, stádas pósta, stádas teaghlaigh, gnéaschlaonadh, aois, míchumas, cine, creideamh, tuairim polaitiúil, athrú inscnenó ballraíocht den lucht Siúil i gcinntí a bhaineann le hoiliúint a sholáthar ach amháin más riachtanais oibiachtúla cinntitheacha iad seo don oiliúint. I gcás gur féidir é, cuirfear cóiríocht chuí ar fáil chun cuidiú le fostaí faoi mhíchumas páirt iomlán a ghlacadh san oiliúint. Cé go ndéanfar gach iarracht oiliúint a shocrú chun éascú a dhéanamh ar fhreastal na bhFostaithe páirtaimseartha i rith a n-uaireanta oibre, beifear ag súil go gcuirfidh Fostaithe páirtaimseartha iad féin ar fáil, ó am go chéile, chun freastal ar oiliúint lasmuigh dá ngnáthuaireanta oibre. Cuirfear fógra réasúnta ar fáil maidir leis seo.
Is ar an bhfostaí féin atá an fhreagracht i leith forbairt phearsanta, agus dá bhrí sin ba chóir d’fhostaithe féachaint lena riachtanais oiliúna féin a fháil amach. Ba chóir na riachtanais sin a phlé leis an mBainisteoir líne agus/nó leis an mBainisteoir Acmhainní Daonna más iomchuí, agus déanfaidh Bainisteoir an fhostaí na hiarratais a bhreithniú de réir na riachtanas a d’ainmnigh an eagraíocht. Is gá don Cheannasaí faomhadh deiridh a dhéanamh ar aon oiliúint tar éis dul i gcomhairle leis an mBainisteoir líne agus leis an mBainisteoir Acmhainní Daonna.