An cuspóir atá leis an bpolasaí seo ná a léiriú go bhfuil Glór na nGael ag comhlíonadh an Chóid Chleachtais maidir le Rochtain ar Obair Pháirtaimseartha agus an Achta um Chosaint Fostaithe (Obair Pháirtaimseartha), 2001 ó dheas agus Na Rialacháin d’fhostaithe Páirtaimseartha (TÉ) 2000.
Tá feidhm ag an bpolasaí seo i leith na bhFostaithe uile.
Tá sé ina pholasaí ag an eagraíocht seo rochtain a sholáthar ar shocruithe d’obair pháirtaimseartha más iomchuí agus má oireann siad do riachtanais an ghnó. Ní ráthaíonn an eagraíocht go gceadófar aon socrú d’obair pháirtaimseartha, ach tá sí tiomanta do dhéileáil le gach iarratas go dáiríre. Tríd is tríd, beidh socrú d’obair pháirtaimseartha faoi réir athbhreithniú bliantúil, agus féadfar an socrú a leasú nó a tharraingt siar i gcás go meastar nach bhfuil an socrú oibre ag comhlíonadh riachtanais ghnó na heagraíochta. Beidh Fostaithe páirtaimseartha i dteideal téarmaí agus coinníollacha coibhéiseacha leo siúd a ndéanfar obair lánaimseartha pro rata a thairiscint dóibh. Socrófar oiliúint le riachtanais na noibrithe páirtaimseartha san áireamh. Beidh ionchas réasúnta ag an eagraíocht, ámh, go bhfreastalóidh Fostaithe páirtaimseartha ar an obair lasmuigh dá ngnáthuaireanta oibre d’fhonn oiliúint a éascú. Tabharfar fógra maidir lena leithéid de riachtanas.