An cuspóir atá leis an bpolasaí agus an nós imeachta seo ná a chinntiú go bhfeidhmíonn an eagraíocht próiseas cóir cothrom smachta a bhfuil aird chuí aige ar chearta na bhfostaithe faoi Chód Cleachtais um Nósanna Imeachta Smachta agus Gearáin agus faoin na hAchtanna um Dífhostú Éagórach araon ó dheas agus faoin Ordú Cearta Fostaithe (TÉ) 1996 ó thuaidh. Ní mór an polasaí seo a chur i bhfeidhm d’fhonn cuidiú le Fostaithe agus tacú leo caighdeáin iompair, freastal agus feidhmíocht inghlactha a bhaint amach agus a chothú, i gcás go dtugtar easnaimh faoi deara. Tá sé mar aidhm ag an bpolasaí agus an nós imeachta a bheith ceartaitheach seachas pionósach.
Tá feidhm ag an bpolasaí seo i leith na bhFostaithe uile.
An príomhchuspóir atá leis an nós imeachta seo ná a chinntiú go gcuirtear in iúl d’fhostaithe aon easnamh ina bhfeidhmíocht/n-iompar/bhfreastal agus go gcuirtear an deis ar fáil dóibh an scéal a réiteach.
Bainfear úsáid as an nós imeachta smachta, suas le agus le dífhostú san áireamh, sa chás go sáraíonn fostaí aon pholasaí faoi mar atá leagtha amach sa lámhleabhar seo.
Chuige seo, rachfar i ngleic le fadhbanna tríd an nós imeachta neamhfhoirmiúil ar dtús gan leas a bhaint as an nós imeachta foirmiúil. I gcás go dteipeann air seo réiteach a fháil ar an scéal, ámh, nó i gcás go meastar an nós imeachta neamhfhoirmiúil a bheith míchuí sna coinníollacha áirithe sin, cuirfear tús leis an nós imeachta foirmiúil.
Le linn na gcéimeanna foirmiúla den nós imeachta, tá an ceart ag Fostaithe ionadaí a bheith leo ag an gcruinniú. An ról atá ag an ionadaí seo ná tacaíocht a sholáthar, a chinntiú go bhfuil na nósanna imeachta cóir cothrom, agus, más iomchuí, cuidiú leis an bhfostaí a gcás a chur i láthair. Ba chóir a mheabhrú, ámh, go bhfuil caidreamh conarthach ann idir an fostaí agus an Fostóir. Mar sin, díreofar ceistiú ar an bhfostaí, agus i gcás gur féidir é ní foláir don fhostaí labhairt amach ar a s(h)on féin. Braitheann an staid ag a n-iontrálann an fostaí an nós imeachta smachta tromchúis na ceiste a bhfuiltear ag lorg réitigh uirthi.
Ag gach céim fhoirmiúil den nós imeachta tá an fostaí i dteideal a bheith in iúl ar an gcás atá á ghlacadh ina leith, agus go soláthrófaí dó/di aon fhianaise atá le húsáid ina c(h)oinne. Tabharfar an deis don fhostaí freagairt d’aon líomhain nó d’aon fhianaise ina c(h)oinne, agus tabharfaidh an lucht Bainistíochta aird chuí ar gach freagra a gheofar. Tá cead ionadaíocht a bheith ann ag gach céim fhoirmiúil. Tá cead ag an bhfostaí, freisin, achomharc a dhéanamh ar gach toradh den iniúchadh smachta foirmiúil nó aon smachtbhanna a ghearrtar faoin nós imeachta.
Measfar a leithéid seo a leanas d’iompar a bheith ina mhí-iompar agus féadfar gníomh smachta a thionscnamh dá bharr faoin nós imeachta smachta. Níl sa liosta seo ach ábhar léiriúcháin amháin, ámh, agus ní liosta uileghabhálach é. Déanfar gach cás a mheas ar a fhiúntas féin:
Measfar a leithéid seo a leanas d’iompar a bheith ina mhí-iompar tromchúiseach agus féadfaidh dífhostú achomair a bheith mar thoradh air ag brath ar choinníollacha an cháis. Níl sa liosta seo ach ábhar léiriúcháin amháin, ámh, agus ní liosta uileghabhálach é. Déanfar gach cás a mheas ar a fhiúntas féin:
Tríd is tríd, i gcás líomhna go bhfuil feidhmíocht, tinreamh nó iompar lag ag an bhfostaí, rachaidh Bainisteoir an fhostaí i gceist i ngleic leis an bhfadhb go neamhfhoirmiúil leis/léi. Féadfar é seo a dhéanamh trí chruinniú comhairleoireachta neamhfhoirmiúil nó trí mheán an ghnáthphróisis bainistithe feidhmíochta. An cuspóir atá leis seo ná an cheist a bhfuil cúis imní ann faoi a chur ina ceart ar bhealach oscailte cuiditheach.
Díreoidh an plé neamhfhoirmiúil orthu seo a leanas:
Tar éis an phlé, tógfar nótaí gairide agus coinneoidh an Bainisteoir a bhí ag stiúradh an phlé neamhfhoirmiúil na nótaí sin. Ar an gcoinníoll go mbaineann an fostaí amach an leibhéal feabhsúcháin riachtanach agus go gcothaíonn sé/sí an leibhéal sin ní rachfar níos faide leis an scéal. I gcás nach gcuireann an fostaí na feabhsúcháin riachtanacha i bhfeidhm laistigh den amscála a aontaíodh cuirfear tús leis an nós imeachta smachta.
I ngach cás ina bhfuil caighdeáin feidhmíochta, tinrimh agus/nó iompair an fhostaí tite faoi bhun na gcaighdeán a bhfuil an eagraíocht ag súil leo, féadfar tús a chur leis an nós imeachta smachta foirmiúil. I ngach cás ina gcuirtear tús le nós imeachta smachta foirmiúil, beidh éisteacht ann mar a gcuirfear an líomhain faoi bhráid an fhostaí agus mar a mbeidh seans aige/aici freagairt do na líomhaintí sin. Féadfar gá a bheith le hiniúchadh foirmiúil ar na fíorais a bhaineann leis an gcás roimh an éisteacht, ach i bhformhór na gcásanna is leor éisteacht lena chinntiú go bhfaigheann an fostaí seans cóir cothrom freagra a thabhairt. I gcás go bhfuil díospóid ann maidir le fíorais an cháis, agus go bhfuil gá le hiniúchadh foirmiúil, míneoidh an Bainisteoir líne an nós imeachta don iniúchadh don fhostaí.
Sula gcinntear ar aon smachtbhanna foirmiúil agus sula ngearrtar a leithéid reáchtálfar éisteacht smachta leis an bhfostaí. An cuspóir atá leis an gcruinniú seo ná an gearán a chur faoi bhráid an fhostaí agus na cúiseanna leis an gceist a chlos ó dhearcadh an fhostaí. Caithfear go cóir cothrom le fostaí i gcónaí le linn éisteacht smachta. Beidh feidhm ag na prionsabail seo a leanas i ndáil le héisteacht smachta:
Déantar é seo gan aon tát ciontachta nó eile i gcoinne an fhostaí. Is ar feadh tréimhse réasúnta a bheidh an fionraí agus go minic braithfidh sé sin ar fhad an phróisis iniúchta smachta. Tabharfar aird chuí ar gach freagra a gheofar. D’fhonn a chinntiú go bhfuil dóthain ama ag an lucht Bainistíochta breithniú iomlán a dhéanamh ar na fíorais, beidh atráth ag deireadh na héisteachta smachta chun dóthain ama a thabhairt le breithniú a dhéanamh ar fhíorais an cháis, agus d’fhonn cinneadh cóir cothrom a dhéanamh i ndáil leis na chéad chéimeanna eile. Glacfar cinneadh le linn na tréimhse atrátha maidir le leibhéal an smachtbhanna, más ann dó, a ghearrfar.
Reáchtálfar cruinniú leantach leis an bhfostaí mar a ndéanfar an cinneadh a chur in iúl don fhostaí. Féadfaidh an fostaí ionadaí a bheith i láthair ag an gcruinniú seo. Dearbhófar an caingean foirmiúil smachta i scríbhinn.
I gcás go dteipeann ar an bpróiseas foirmiúil réiteach a fháil ar an scéal nó i gcás go meastar é a bheith míchuí in imthosca áirithe an cháis seo, féadfaidh an lucht bainistíochta na smachtbhannaí seo a leanas a ghearradh. Tarlóidh an caingean smachta, más gá, i ndiaidh an phróisis incrimintigh rabhaidh arna leagan amach sa pholasaí seo. In imthosca iomchuí, ámh, forchoimeádann an eagraíocht an ceart an próiseas a thionscnamh ag aon chéim ar leith, nó gluaiseacht ar aghaidh chuig aon chéim ar leith sa phróiseas i gcás go meastar na cúiseanna imní a bheith tromchúiseach a dóthain. Ní ghlacfar an cinneadh maidir leis an leibhéal smachtbhanna le gearradh ach tar éis éisteacht fhoirmiúil smachta agus imthosca an cháis áirithe sin breithnithe.
I gcás go dteipeann ar an nós imeachta neamhfhoirmiúil réiteach a fháil ar an scéal, nó nuair a mheastar go bhfuil gá le caingean smachta níos tromchúisí in imthosca an cháis áirithe seo, socrófar éisteacht fhoirmiúil smachta agus reáchtálfar í ar an gcaoi atá leagtha amach sa nós imeachta seo.
I ndiaidh an chruinnithe féadfaidh an Bainisteoir líne iomchuí rabhadh foirmiúil ó bhéal a eisiúint d’fhonn iarracht a dhéanamh réiteach a fháil ar an gceist amach anseo. Cuirfear cóip de nótaí an chruinnithe, plean gníomhaíochta aontaithe agus cóip den rabhadh foirmiúil ó bhéal, maille le haon doiciméadúchán iomchuí eile, i gcomhad an fhostaí.
Éagfaidh an rabhadh ó bhéal tar éis tréimhse d’fheidhmíocht, d’iompar agus de thinreamh sásúil, arna chur síos sa doiciméad rabhaidh foirmiúil ó bhéal.
Féadfar achomharc foirmiúil a dhéanamh tríd an nós imeachta achomhairc a bhfuil cur síos air sa pholasaí seo (féach thíos). I gcás go dteipeann ar an bhfostaí na ceanglais atá leagtha amach sa phlean gníomhaíochta ceartaitheach a bhaint amach féadfaidh caingean smachta eile eascairt as.
I gcás go dteipeann ar an rabhadh foirmiúil ó bhéal réiteach a fháil ar an scéal, nó nuair a mheastar go bhfuil gá le caingean smachta níos tromchúisí in imthosca an cháis áirithe seo, socrófar éisteacht fhoirmiúil smachta agus reáchtálfar í ar an gcaoi atá leagtha amach sa nós imeachta seo.
I ndiaidh an chruinnithe féadfaidh an Bainisteoir líne Iomchuí an chéad rabhadh i scríbhinn a eisiúint. Aontófar ar phlean gníomhaíochta freisin d’fhonn iarracht a dhéanamh an cheist a réiteach amach anseo. Cuirfear cóip de nótaí an chruinnithe, an plean gníomhaíochta aontaithe agus cóip den chéad rabhadh i scríbhinn, maille le haon doiciméadúchán iomchuí eile, i gcomhad an fhostaí.
Éagfaidh an chéad rabhadh i scríbhinn tar éis tréimhse d’fheidhmíocht, d’iompar agus de thinreamh sásúil, arna chur síos i ndoiciméad an chéad rabhaidh i scríbhinn. Féadfar achomharc foirmiúil a dhéanamh ar an gcéad rabhadh i scríbhinn tríd an nós imeachta achomhairc a bhfuil cur síos air sa pholasaí seo (féach thíos). I gcás go dteipeann ar an bhfostaí na ceanglais atá leagtha amach sa phlean gníomhaíochta ceartaitheach a bhaint amach féadfaidh caingean smachta eile eascairt as.
I gcás go dteipeann ar an gcéad rabhadh i scríbhinní réiteach a fháil ar an scéal, nó nuair a mheastar go bhfuil gá le caingean smachta níos tromchúisí in imthosca an cháis áirithe seo, socrófar éisteacht fhoirmiúil smachta agus reáchtálfar í ar an gcaoi atá leagtha amach sa nós imeachta seo.
I ndiaidh an chruinnithe féadfaidh an Bainisteoir líne Iomchuí an rabhadh deireanach i scríbhinn a eisiúint. Aontófar ar phlean gníomhaíochta freisin d’fhonn iarracht a dhéanamh an cheist a réiteach amach anseo. Cuirfear cóip de nótaí an chruinnithe, an plean gníomhaíochta aontaithe agus cóip den rabhadh deireanach i scríbhinn, maille le haon doiciméadúchán iomchuí eile, i gcomhad an fhostaí.
Éagfaidh an rabhadh deireanach i scríbhinn tar éis tréimhse d’fheidhmíocht, d’iompar agus de thinreamh sásúil, arna chur síos i ndoiciméad an rabhaidh deireanach i scríbhinn. Féadfar achomharc foirmiúil a dhéanamh ar an rabhadh deireanach i scríbhinn tríd an nós imeachta achomhairc a bhfuil cur síos air sa pholasaí seo (féach thíos). I gcás go dteipeann ar an bhfostaí na ceanglais atá leagtha amach sa phlean gníomhaíochta ceartaitheach a bhaint amach féadfaidh caingean smachta eile eascairt as.
Tá dhá bhealach inar féidir le dífhostú tarlú. Tríd is tríd, beifear tar éis na cúiseanna imní a chur in iúl don fhostaí agus beifear tar éis deis a thabhairt don fhostaí feabhas a chur ar chúrsaí trí chéimeanna éagsúla an nóis imeachta smachta. An cineál eile dífhostaithe atá ann ná dífhostú achomair, a eascraíonn, de ghnáth, as gníomh éigin atá ina mhí-iompar tromchúiseach. Measfar gníomh mí-iompair a bheith ina mhí-iompar tromchúiseach i gcás go bhfuil an gníomh chomh tromchúiseach sin nach bhféadfaí a bheith ag súil go réasúnta go gcoinneodh an eagraíocht an fostaí sin fostaithe. Tarlaíonn dífhostú achomair gan an ceart ag an bhfostaí leas a bhaint as na céimeanna níos luaithe den nós imeachta smachta. I ngach cás beidh éisteacht chóir chothrom ann, a chloínn leis na prionsabail arna leagan amach sa nós imeachta seo, agus breithneofar go cúramach an cinneadh cibé acu an bhfuil dífhostú ina smachtbhanna iomchuí nó nach bhfuil. I ngach cás ina líomhnaítear mí-iompar tromchúiseach, féadfaidh gá a bheith le hiniúchadh domhain, agus cuirfear an fostaí ar fionraí le pá ar feitheamh thoradh an iniúchta sin. Níl fionraí ar phá ina smachtbhanna, agus ní bheidh aon tát diúltach i gcoinne an fhostaí mar thoradh ar an bhfionraí.
I gcás go bhfuil mí-iompar tromchúiseach nó neamhinniúlacht thromchúiseach íomhnaithe ann féadfaidh iniúchadh foirmiúil a bheith iomchuí d’fhonn tús a chur le céim 4.
In imthosca dá leithéid, níl aon dualgas ar an eagraíocht réamhfhógra a sholáthar maidir leis an dífhostú. Ní ceadmhach ach don Cheannasaí, don Chathaoirleach nó don bhainisteoir ainmnithe san eagraíocht, cinntí a dhéanamh duine a dhífhostú in imthosca dá leithéid, tar éis iniúchadh iomlán cóir cothrom a dhéanamh agus tar éis próiseas éisteachta.
Dearbhófar an cinneadh i scríbhinn don fhostaí.
De bhreis ar na smachtbhannaí arna leagan amach i gcéimeanna 1 go 4 den nós imeachta smachta, forchoimeádann Glór na nGael an ceart smachtbhannaí eile a ghearradh arna leagan amach sa rannóg seo. Ní tharlóidh seo ach amháin má mheastar é a bheith iomchuí. Tá gníomh mar seo ina chéim roghnach den nós imeachta, agus ní ina chéim éigeantach. I gcás go measfar é iomchuí, féadfar smachtbhannaí malartacha a ghearradh lena n-áirítear aistriú, ísliú céime, fionraí gan phá, nó athbhreithniú pá a choinneáil siar ar feadh tréimhse nó sochar eile a bhaint.
Le linn thréimhse phromhaidh an fhostaí, lena n-áirítear promhadh sínte, féadfaidh nach mbeadh feidhm ag déine iomlán an phróisis smachta, agus forchoimeádann Glór na nGael an ceart gan dul tríd gach céim den nós imeachta smachta le linn promhaidh.
Féadfar achomharc a dhéanamh ar gach smachtbhanna laistigh de chúig lá oibre ón dáta a ghearrtar é ar an bhfostaí. Cuirfear san áireamh sa doiciméad rabhaidh nó sa litir dífhostúcháin na sonraí maidir le cé leis/léi ar chóir an t-achomharc a dhéanamh.
Eiseofar toradh laistigh d’amscála réasúnta, de ghnáth 10 lá oibre. Féadfar síneadh a chur leis seo más gá ionas go mbeidh próiseas lán cóir ceart ann.
Glacann gach amscála sa pholasaí seo leis go bhfuil Fostaithe ag freastal ar an obair. Má bhí am saor ag an bhfostaí ón obair, féadfar síneadh a chur le fad na gcéimeanna smachta.