Is é cuspóir an pholasaí seo forléargas a thabhairt ar sheasamh Ghlór na nGael maidir le fostaithe a ghlacann le dualgais bhreise nó freagrachtaí fostaí ar ghrád níos airde ar feadh tréimhse theoranta ama.
Tá feidhm ag an bpolasaí seo i leith fhostaithe uile Ghlór na nGael.
I gcúinsí áirithe bíonn sé riachtanach fostaí a cheapadh chun feidhmiú i ngrád níos airde ar feadh tréimhse theoranta ama, m.sh. mar ionadaí i gcás Saoire Mháithreachais, Sos Gairme, neamhláithreacht fhada i gcás Saoire Bhreoiteachta nó chun post folamh a líonadh go dtí go líontar ar bhonn buan é.
Sna cúinsí seo leanfar na nósanna imeachta seo a leanas:
Sula mbíonn deireadh le teacht leis an ngníomhú uasghrádaithe ba chóir go mbeadh athbhreithniú á dhéanamh idir an fostaí agus an mBainisteoir Acmhainní Daonna nó an Bainisteoir líne, nó comhalta cuí eile den Bhainistíocht.
Má táthar á réamh-mheas go leanfaidh an riachtanas don ghníomhú uasghrádaithe níos faide ná an tréimhse tosaigh 12 mhí, déanfaidh an mBainisteoir Acmhainní Daonna nó an Bainisteoir líne, nó comhalta cuí eile den Bhainistíocht cinneadh ar cheart an gníomhú uasghrádaithe a fhógairt mar phost buan.
Ní mór gach gníomhú uasghrádaithe a bheith ceadaithe ag an mBainisteoir Acmhainní Daonna nó ag an mBainisteoir líne, nó ag comhalta cuí eile den Bhainistíocht, sula nglactar leis na dualgais.