Tugann an polasaí seo sonraí faoi chur chuige Glór na nGael maidir le saoire d’fhostaithe má tharlaíonn méala nó teagmhais eile ina mbeadh Saoire Atruach á lorg.
Tá feidhm ag an bpolasaí seo i leith na bhfostaithe uile.
Is iad seo a leanas na treoirlínte atá ag Glór na nGael i leith Saoire Atruach. Mar gheall ar an gcúis a bhíonn leis an tsaoire seo, agus a nádúr, tuigeann an eagraíocht an gá atá le solúbthacht faoi fhad agus uainiú na saoire.
Tríd is tríd, bheadh gaolta amhail fear/bean chéile, athair/máthair, deartháir/deirfiúr,
páirtnéir/leanbh san áireamh.
Tríd is tríd, bheadh gaolta amhail nia / neacht, aintín / uncail, athair / máthair céile, seantuismitheoir / garpháiste san áireamh.
Déanfar gach cás a mheas ar a fhiúntas féin, ag cur cúinsí pearsanta an fhostaí agus riachtanais na heagraíochta ag an am san áireamh.
Moltar d’fhostaithe labhairt leis an mBainisteoir líne i dtosach maidir le teagmhais a tharlaíonn ina saol a bhféadfadh siad a bheith i dteideal saoire atruach/mhéala a fháil ar a son.