
Tá Glór na nGael tiomanta d’atmaisféar measúil, comhoibríoch, oscailte, sábháilte agus cothrom a chinntiú san ionad oibre. Mar chuid dár dtiomantas do chóir, dínit agus meas gach fostaí, ní ghlacfar le haon chineál bulaíochta ag Glór na nGael. Is é cuspóir an Pholasaí seo ná léiriú a thabhairt ar cad is bulaíocht ann agus na bearta a ghlacfaidh Glór na nGael más gá déileáil le sárú den sórt sin.
A) SCÓIP
Baineann an Polasaí seo le gach fostaí (sealadach agus buan) is cuma cén fad seirbhíse atá acu agus cuimsíonn an chosaint seo:
B) POLASAÍ
Aithníonn Glór na nGael ceart gach fostaí go mbeadh áit oibre agus timpeallacht saor ó aon chineál bulaíochta. Tá sé de dhualgas ar gach ball foirne a bheith airdeallach ar éifeachtaí a n-iompair ar dhaoine eile. Glacfar go dáiríre le gach gearán faoi bhulaíocht agus leanfar leo go dtí go bhfuil réiteach air. Ní bheidh aon phionós i gceist do na fostaithe a dhéanann gearán. Déileálfar le haon ghearáin faoi bhulaíocht ar bhealach éifeachtach agus éifeachtúil.
Sa chás go bhfuil an t-iompar seo athfhillteach agus leanúnach, agus go gcuireann sé strus agus imní gan ghá ar dhuine, féadfar é seo a mheas mar mhí-iompar tromchúiseach. Tá sé de cheart ag Glór na nGael an nós imeachta smachtaithe a chur i bhfeidhm suas go dtí agus lena n-áirítear dífhostú láithreach. Ar an gcaoi chéanna, sa chás go bhfuil gearán bréagach ann, féadfar é seo a phlé tríd an nós imeachta smachtaithe.
Mar chuid de chód iompair Ghlór na nGael, tá sé ríthábhachtach go mbeadh meas ag gach ball foirne agus soláthraí ar dhínit gach comhghleacaí. Déan machnamh le do thoil ar do chomhghleacaithe maidir le do chód iompair, le tagairt ar leith do ráitis, gnás feistis, póstaeir, r-phoist agus aon rud a d’fhéadfadh a bheith ina chion.
D) SAINMHÍNIÚ
De réir an Chóid Cleachtais d’Fhostóirí agus d’Fhostaithe ar Chosc agus Réiteach Bulaíochta san Obair, sainmhínítear bulaíocht mar:
“Is éard is bulaíocht san ionad oibre ann iompraíocht mhíchuí, idir dhíreach agus indíreach, bíodh sí ó bhéal, go fisiciúil nó ar mhodh eile, a dhéanann duine amháin nó níos mó in aghaidh duine nó daoine eile, ag an ionad oibre agus/nó i rith na fostaíochta, a d’fhéadfaí a mheas go réasúnta mar iompraíocht a bhaineann an bonn de cheart an duine aonair chun dínite ag an obair. D’fhéadfadh gur masla do dhínit an duine ag an obair eachtra amháin den iompraíocht ar a gcuirtear síos sa sainmhíniú seo ach, ó tharla gur eachtra aon uaire í, ní mheastar gur bulaíocht í.
Seo a leanas roinnt samplaí d’iompar a d’fhéadfaí a mheas mar bhulaíocht agus nach nglacfaidh Glór na nGael leo:
Níl an liosta thuas uileghabhálach agus ní fheidhmíonn sé ach mar threoirlíne d’fhostaithe. Glacfar le gach cás ina aonar agus déileálfar leis ar an mbealach cuí. Le go mbreathnaítear ar iompar mar bhulaíocht, ní mór gur iompar é ar féidir cur síos air mar iompar fealltach, do-ghlactha, agus a sháraíonn gach teorainn a nglacann an tsochaí mhaith leis.
Ó am go chéile, féadfar gníomh smachtaithe agus ceartaitheach a ghlacadh i gcoinne fostaí agus, i gcás ina ndéantar beart den sórt sin maidir le fostaí de mheon macánta, ní mheasfar gur iompar bulaíochta é seo. Ina theannta sin, nuair a dhéantar gníomhartha ar bhonn shábháilteacht, shláinte agus leas na bhfostaithe a chosaint, ní mheasfar gur iompar bulaíochta na gníomhartha sin.
E) Nósanna Imeachta chun Déileáil le Bulaíocht
1) Nós Imeachta Neamhfhoirmiúil
Is minic gur féidir le cur chuige neamhfhoirmiúil cásanna deacra a réiteach leis an méid is lú coinbhleachta agus struis do na daoine atá i gceist agus féadfaidh sé dul i ngleic go héifeachtach leis an iompar gan iarraidh gan dul i muinín aon ghnímh eile. Ní laghdaíonn sé seo ar dhóigh ar bith ceist na n-iarmhairtí ar an duine aonair.
Má shíleann tú go ndearnadh iompar a d’fhéadfaí a mheas mar bhulaíocht ort, ba chóir duit iarracht a dhéanamh a mhíniú don chiontóir/déantóirí líomhnaithe nach bhfuil a iompar sásúil. Má bhíonn deacracht agat dul i dteagmháil leis an gciontóir(í) líomhnaithe ina aonar, féadfaidh tú cabhair agus comhairle a lorg ó dhuine cuí (m.sh. comhghleacaí, bainisteoir, srl.). D’fhéadfadh go mbeadh duine den sórt sin in ann cabhrú leat chun an cheist a ardú leis an gciontóir(í) líomhnaithe i bplé rúnda, neamhchoimhlinteach chun iarracht a dhéanamh an cheist a réiteach ar bhealach ciúin stuama.
2) Fó-Nós Imeachta Neamhfhoirmiúil
Mura n-éiríonn leis an nós imeachta neamhfhoirmiúil thuas nó má mheastar é a bheith míchuí maidir le tromchúis na saincheisteanna, is féidir an nós imeachta leathnaithe seo, ach fós neamhfhoirmiúil, a chur i bhfeidhm. Féadfaidh gearáin ag an gcéim seo den nós imeachta a bheith ó bhéal nó i scríbhinn. Más ó bhéal, áfach, glacfaidh duine ainmnithe nóta scríofa faoina bhfuiltear ag gearán agus tabharfar cóip duit
Má bhaineann an gearán le bulaíocht líomhnaithe mar atá sainmhínithe thuas, agus má áirítear leis samplaí nithiúla d’iompar míchuí, cuirfear an gearán i láthair an duine a bhfuil gearán á dhéanamh ina aghaidh agus socrófar a fhreagra.
Ina dhiaidh sin, comhaontófar modh chun réiteach a fháil ar an cheist ionas gur féidir leis an dá pháirtí filleadh ar thimpeallacht oibre chomhchuí gan bhulaíocht bheith inti.
3) Nós Imeachta Foirmiúil
Is dea-chleachtas é machnamh a dhéanamh ar gach bealach le teacht ar réiteach neamhfhoirmiúil (mar atá leagtha amach thuas) agus nuair is cuí, iad uilig a úsáid sula n-úsáidtear próiseas foirmiúil.
Ní mór gearán foirmiúil i scríbhinn a thabhairt do do Bhainisteoir Líne nó don Bhainisteoir Acmhainní Daonna. Ba cheart go mbeadh sonraí beachta sa ghearán faoi eachtraí bulaíochta a tharla, lena n-áirítear na dátaí, agus ainmneacha na bhfinnéithe, nuair is féidir.
Seolfar litir chuig an té a bhfuil gearán á dhéanamh ina aghaidh mar fhógra go bhfuil gearán foirmiúil déanta ina choinne. Tabharfar cóip den ghearán, agus tabharfar deis don duine aonair freagra a thabhairt ar na líomhaintí.
Déanfar ráitis ó gach páirtí, lena n-áirítear finnéithe, a fháil agus a thaifeadadh i scríbhinn. Tá freagracht ar gach páirtí sa phróiseas a bheith rannpháirteach gan mhoill mhíchuí in aon imscrúdú a thionscnaítear mar fhreagra ar líomhain bulaíochta. Leagfar béim ar rúndacht an phróisis do gach duine lena mbaineann.
Déanfaidh Bainisteoir ainmnithe, Bainisteoir Acmhainní Daonna nó, más gá, i gcás aon choinbhleachta leasa a d’fhéadfadh a bheith ann, tríú páirtí neamhchlaonta, imscrúdú. I gceachtar cás, beidh an té a ainmneofar eolach ar na nósanna imeachta atá i gceist. Déanfar an t-imscrúdú go cruinn, go hoibiachtúil, le híogair, le lánrúndacht, agus le meas cuí ar chearta an ghearánaigh agus an duine a bhfuil an gearán ina leith.
Is é cuspóir an imscrúdaithe ná a fháil amach an dtagann na hiompraíochtaí líomhnaithe laistigh den chur síos ar bhulaíocht san ionad oibre. Buailfidh an t-imscrúdaitheoir ainmnithe leis an ngearánach, leis an duine a bhfuil na líomhaintí ina choinne, agus le haon fhinnéithe nó daoine ábhartha eile ina n-aonar.
Déanfaidh an duine atá ag fiosrú na ngearán gach iarracht an t-imscrúdú a dhéanamh agus a chríochnú chomh tapa agus is féidir. Breithneoidh an t-imscrúdú an t-ábhar agus an fhianaise ar fad atá os a chomhair agus déanfar cinneadh ar chóimheá na dóchúlachta, cibé an bhfuil an gearán bailí.
Má thagann an t-imscrúdaitheoir ar an gconclúid go bhfuil cás le freagairt ag an bhfostaí cúisithe de réir chóimhmheá na dóchúlachta, féadfaidh an t-imscrúdaitheoir beart cuí a mholadh, lena n-áirítear ar cheart nó nár cheart don fhostóir an nós imeachta a chuir i bhfeidhm. Cuirfidh an bhainistíocht torthaí an imscrúdaithe in iúl don ghearánach agus don chiontóir líomhnaithe, i scríbhinn.
A) ACHOMHAIRC
Má bhíonn an gearánach nó an té a bhfuil an gearán ina choinne míshásta leis an toradh, féadfaidh siad achomharc a dhéanamh i scríbhinn chuig an Leas-Phríomhfheidhmeannach nó an Príomhfheidhmeannach laistigh de 5 lá. Má tá sé riachtanach, féadfar tríú páirtí neamhspleách a cheapadh chun an t-achomharc a bhreithniú. Aontaíonn tú cead a thabhairt dúinn aon chatagóirí speisialta sonraí ábhartha a roinnt nuair is gá chun críocha na héisteachta sin.
Beidh cinneadh an achomhairc críochnaitheach.