Site logo

6.1. FREAGRACHTAÍ GINEARÁLTA AN FHOSTÓRA

 

CUSPÓIR

An cuspóir atá leis an bpolasaí seo ná cur síos ar na príomhfhorálacha san Acht um Shabháilte, Sláinte agus Leas ag an Obair, 2005 ó dheas agus an tOrdú um Shábháilteacht agus Sláinte Health (TÉ) 1978 ó thuaidh le béim ar leith ar fhreagrachtaí Ghlór na nGael agus na bhfostaithe. Tá sé ina choinníoll fostaíochta do gach fostaí go bhfeidhmeodh an fostaí i gcónaí ar mhaithe le láthair oibre shábháilte. Féadfar déileáil le haon ghníomh a bheadh contrártha don choinníoll fostaíochta sin nó le ceanglais na reachtaíochta sláinte agus sábháilteachta mar chion a mbeadh caingean smachta tromchúiseach inghearrtha ina leith.

 

RAON

Tá an polasaí seo i bhfeidhm d’fhostaithe uile na heagraíochta agus iad ar an láthair oibre, agus aon áit eile a bhfreastalaíonn siad uirthi le linn na fostaíochta.

 

POLASAÍ

Tá sé ina pholasaí ag Glór na nGael feidhmiú ar bhealach slán a chosnaíonn sábháilteacht, sláinte agus leas na bhfostaithe uile de réir na reachtaíochta cuí. Dearbhaíonn an polasaí seo freisin freagrachtaí ginearálta na heagraíochta agus na bhfostaithe ina leith seo.

 

Freagrachtaí an Fhostóra

Leagtar amach achoimre thíos ar fhreagrachtaí an fhostóra faoin Acht um Shábháilteacht, Sláinte agus Leas ag an Obair, 2005 ó dheas agus an tOrdú um Shábháilteacht agus Sláinte Health (TÉ) 1978 ó thuaidh mar atá:

 

Cinnteoidh gach fostóir, a mhéid is féidir go hindéanta, sábháilteacht, sláinte agus leas ag an obair gach duine dá f(h)ostaithe.

 

Déanfaidh an fostóir a d(h)ícheall go háirithe:

 

Freagrachtaí an Fhostaí

Tá sé de fhreagracht ar an bhfostaí comhoibriú leis an lucht bainistíochta i gcur i bhfeidhm tionscnaimh sláinte agus sábháilteachta na heagraíochta. Ba chóir d’fhostaithe a bheith ar an eolas go bhfuil freagracht orthu i leith shábháilteacht a gcuairteoirí nuair atá na cuairteoirí sin ar an láthair.

 

Tá sainfhreagracht ar fhostaithe as a sábháilteacht féin freisin. Mar sin, beifear ag súil go ndéanfaidh fostaithe a gcuid oibre ar bhealach sábháilte, chun gortú a sheachaint dóibh féin agus dá gcustaiméirí, agus chun damáiste do threalamh agus do mhaoin na heagraíochta a sheachaint.

 

Éilitear ar fhostaithe gach timpiste, gach tarlú tromchúiseach, gach coinníoll baolach agus gach gníomh baolach a thuairisciú don Bhainisteoir líne nó don mBainisteoir Acmhainní Daonna.

 

Féadfar dualgais an fhostaí faoin Acht um Shábháilteacht, Sláinte agus Leas ag an Obair, 2005 ó dheas agus an tOrdú um Shábháilteacht agus Sláinte Health (TÉ) 1978 ó thuaidh a achoimriú mar seo a leanas:

 

Ní foláir d’fhostaithe:

 

 

NÓS IMEACHTA CHUN CÚISEANNA IMNÍ A CHUR IN IÚL

Ba chóir d’aon fhostaí a bhfuil cúiseanna imní aige/aici i leith an pholasaí seo iad sin a chur in iúl go foirmiúil don Bhainisteoir Acmhainní Daonna nó don Bhainisteoir líne.

 

I gcás nach bhfaigheann siad freagra sásúil ar a gcúiseanna imní, féadfaidh siad a gcúiseanna imní a tharraingt anuas tríd an nós imeachta gearáin.