An cuspóir atá leis an bpolasaí seo ná a léiriú go bhfuil an eagraíocht ag comhlíonadh an Achta um Fhógra Íosta agus Téarmaí fostaíochta, 1973 ó dheas agus an tOrdú Cearta fostaíochta (TÉ) 1996 ó thuaidh agus d’fhonn cur síos ar fhreagrachtaí an fhostaí i gcás go gcinneann sé/sí a f(h)ostaíocht a fhoirceannadh leis an eagraíocht. Leagann an polasaí amach freisin na céimeanna don Bhainistíocht i gcás go bhfágann an fostaí an tseirbhís.
Tá feidhm ag an bpolasaí seo i leith na bhfostaithe uile.
Tá sé ina pholasaí ag an eagraíocht seo go gcuirfeadh gach fostaí atá ag foirceannadh a f(h)ostaíochta dóthain fógra ar fáil maidir lena n-imeacht ionas gur féidir leis an eagraíocht socrú a dhéanamh a bpost a chlúdach ionas go dtarlóidh an t-aistriú oibre go mín réidh. Mar sin, éilítear ar gach fostaí fógra íosta a sholáthar de réir mar atá leagtha amach i gconradh fostaíochta an fhostaí i gcás go bhfuil siad ag foirceannadh a bhfostaíochta. I ngach cás ní foláir dóibh an fógra a thabhairt i scríbhinn agus é a thabhairt don Bhainisteoir Acmhainní Daonna nó don Bhainisteoir líne. Tá an eagraíocht tiomanta d’fhógra a sholáthar de réir théarmaí agus choinníollacha na fostaíochta nó na reachtaíochta iomchuí, ag brath ar cibé acu is mó. I gcás dífhostú achomair nó do chásanna de mhí-iompar tromchúiseach, ní aon dualgas ar an eagraíocht fógra a sholáthar maidir le foirceannadh ná pá in ionad an fhógra. Forchoimeádann an eagraíocht an ceart pá a íoc in ionad fógra má mheastar sin a bheith iomchuí.
Roimh fhágáil na fostaíochta ní foláir don fhostaí aon mhaoin a bhaineann leis an eagraíocht a thabhairt ar ais don Bhainisteoir Acmhainní Daonna nó don Bhainisteoir líne, lena n-áirítear míreanna amhail eochracha/cártaí rochtana, trealamh TF, nó áiseanna eile a cuireadh ar fáil le linn na fostaíochta. Cuirfear gach sochar fostaí ar ceal ar dháta fhoirceannadh na fostaíochta. Íocfar an fostaí ina bpá deireanach de réir na ngnáthnósanna imeachta párolla. Féadfaidh pá deiridh iad seo a leanas a áireamh, más iomchuí: pá in ionad saoire bhliantúil nár baineadh leas as le linn na fostaíochta, nó féadfar méid a asbhaint i gcás gur tógadh saoire bhliantúil nach raibh faomhaithe roimh fhágáil na fostaíochta. Eiseofar P45 agus duillín pá an fhostaí ar dháta fhoirceannadh na fostaíochta, nó tríd an bpost go luath i ndiaidh an fhoirceanta. I gcás go bhfuiltear chun na doiciméid seo a chur sa phost chuig an bhfostaí, tá sé tábhachtach go gcinnteodh an fostaí go bhfágann siad sonraí chun dáta leis an mBainisteoir Acmhainní Daonna nó leis an mBainisteoir líne.