Is é cuspóir an pholasaí seo forléargas a thabhairt ar théarmaí pholasaí teileafóin phóca Ghlór na nGael.
RAON
Tá feidhm ag an bpolasaí seo i leith fhostaithe uile Glór na nGael a úsáideann a dteileafón póca le haghaidh úsáid na heagraíochta.
POLASAÍ
Má bhíonn do theileafón póca pearsanta á úsáid agat le haghaidh obair na heagraíochta, cuir bille miondealaithe chuig an mBainisteoir líne leis na glaonna a bhaineann leis an obair aibhsithe ionas gur féidir tú a chúiteamh ar a son. Beidh liúntas rialta curtha ar fáil d’fhostaithe áirithe ag braith ar a gcuid dualgais.