Tugann an polasaí seo cuntas ar thiomantas Ghlór na nGael na hAchtanna um Chomhionannas fostaíochta, 1998 agus 2004 ó dheas agus an An tOrdú um fhostaíocht agus um Dhéileáil Chothrom (Tuaisceart Éireann) 1998 a chomhlíonadh, ach comhdheiseanna a sholáthar inár nósanna imeachta earcaíochta.
Raon
Tá feidhm ag an bpolasaí seo i leith na n-iarrthóirí uile le haghaidh fostaíochta leis an eagraíocht agus i leith na bhFostaithe reatha atá ag cur isteach ar phoist inmheánacha san eagraíocht. Beifear ag súil go gcloífidh aon duine atá páirteach in earcaíocht agus roghnú thar ceann na heagraíochta le forálacha an pholasaí seo.
Tá Glór na nGael tiomanta do chomhdheiseanna a sholáthar i ndáil le folúntais a thagann chun cinn. Chuige sin, déanann an eagraíocht a dícheall a chinntiú go bhfuil an próiseas earcaíochta saor ó aon chineál leithcheala neamhdhleathaigh. Déanfar cinntí roghnaithe gan aird a thabhairt ar inscne, ar stádas pósta, ar stádas teaghlaigh, ar ghnéaschlaonadh, ar aois, ar mhíchumas, ar chine, ar reiligiún, ar thuairim polaitiúil, ar athrú inscne nó ar bhallraíochta den lucht Siúil an iarrthóra, mura bhfuil ceangaltais dhlisteanacha ann don phost arna cheadú sa reachtaíocht iomchuí. Chun an t-iarrthóir is fearr a fháil, beidh critéir roghnaithe bunaithe ar na scileanna, na cáilíochtaí agus an taithí a bhfuil gá leo d’fhonn an ról a chomhlíonadh go sásúil.
Roimh dhul i mbun an phróisis earcaíochta, ainmneofar na scileanna, an taithí agus na cáilíochtaí a bheidh riachtanach ag an té a cheapfar. Déanfar iarratais a mheas bunaithe ar na riachtanais seo. Reáchtálfar agallaimh ar bhealach cóir cothrom ag cinntiú go bhfuil ceisteanna scríofa sa chaoi is go lorgófar an t-eolas iomchuí a bhaineann le feidhmíocht sa phost. Féadfar modhanna roghnaithe eile a úsáid de réir mar is iomchuí, mar shampla teistiméireachtaí a sheiceáil. Cuirfear cóiríocht chuí ar fáil d’iarrthóir atá faoi mhíchumas, chun a chur ar a gcumas dul san iomaíocht don phost, agus chun an post a chomhlíonadh i gcás gurb é/í an t-iarrthóir is oiriúnaí don ról. Ní chuirfear cóiríocht réasúnta ar fáil ach i gcás nach bhfuil sé ina ualach díréireach. Le cinntiú go mbainfear amach cuspóir an pholasaí seo, cuirfear treoir ar fáil do na bainisteoirí líne agus do na baill cuí den Bhord Stiúrtha i scileanna éifeachtacha agallaimh agus roghnaithe.
Féadfar taifid a fháil maidir leis na hiarrthóirí nár éirigh leo suas le 13 mhí i ndiaidh cheapachán an té ar éirigh leis/léi.
Nuair atá gá le ball foirne breise a earcú cuirfear an próiseas seo a leanas i bhfeidhm.
Beidh na sonraí poist curtha le chéile don phost. San áireamh beidh:
Beidh na sonraí poist curtha go hiarrthóirí a lorgaíonn níos mó eolais faoin bpost.
Beidh fógra curtha le chéile as na sonraí poist agus socrófar ar na nuachtáin agus ar na suímh ghréasáin gur chóir an fógra a chur orthu, ag brath ar acmhainní agus cá mbeidh an post lonnaithe. Beidh an oiread eolais agus is féidir san fhógraíocht lena chinntiú go ndíreofar ar an ngrúpa earcaíochta ceart agus iarrthóirí mí-oiriúnacha a laghdú. Chomh maith le sin beidh an fógra curtha ar shuíomh gréasáin Ghlór na nGael.
o Conradh fostaíochta
o Lámhleabhar foirne Ghlór na nGael.
o Coinníoll Gaeilge
tairiscint.