An cuspóir atá leis an bpolasaí seo ná a léiriú go bhfuil Glór na nGael ag comhlíonadh an Achta um Shláinte Phoiblí (Tobac) (Leasú), 2004 ó dheas agus an tOrdú Tobaic (TÉ) 2006.
Tá feidhm ag an bpolasaí seo i leith na bhFostaithe uile agus gach duine atá ar an láthair oibre.
Tá an eagraíocht seo tiomanta do láthair oibre saor ó thobac a sholáthar do na Fostaithe uile agus do gach duine a fhreastalaíonn ar an láthair oibre ó am go chéile. Éilítear ar gach fostaí cloí leis na ceanglais i reachtaíocht na hÉireann agus gan tobac a chaitheamh ar an láthair oibre ag aon am, ná i gcóngaracht aon chinn de na bealaí isteach nó amach as an áitreabh.
Ba chóir sáruithe ar an bpolasaí seo a chur in iúl do bhall den lucht Bainistíochta agus féadfar caingean smachta a ghearradh dá bharr de réir Pholasaí Smachta na heagraíochta.