Polasaí um bheathú cíche

CUSPÓIR

Is é cuspóir an pholasaí seo ná forléargas a thabhairt ar chearta agus teidlíochtaí fostaithe ar mhaith leo beathú cíche nó bainne cíche a chaidéalú le linn uaireanta oibre, de réir An tAcht um Chosaint Mháithreachais (Leasú) 2004 agus SI 654 de 2004 ó Rialacháin um Chosaint Mháithreacha 2004 (Cosaint Máithreacha atá ag beathú cíche)

RAON

Tá feidhm ag an bpolasaí seo le gach bean (nó tuismitheoir breithe) atá fostaithe ag Glór na nGael, ar rugadh leanbh dóibh laistigh den 2 bhliain roimhe sin (104 seachtaine), agus atá ag iarraidh leanbh a chothú nó bainne cíche a chaidéalú le linn uaireanta oibre.

POLASAÍ 

Má tá tú ag obair agus ag beathú cíche, tá tú i dteideal am saor ón obair a thógáil gach lá le tacú leat leis sin a dhéanamh go dtí go mbeidh an páiste 2 bhliain d’aois (104 seachtain). Ní gá d’fhostóirí áiseanna a chur ar fáil san ionad oibre chun beathú cíche a éascú sa chás go mbeadh costas mór ag baint le háiseanna den sórt sin a sholáthar. Ar rogha d’fhostóra, tá tú i dteideal:

  • Beathú cíche san ionad oibre nó bainne cíche a thál, áit a bhfuil áiseanna oiriúnacha ar fáil i d’ionad oibre, nó
  • Uaireanta oibre laghdaithe (gan pá a chailleadh) chun beathú cíche a éascú mura bhfuil áiseanna oiriúnacha ar fáil.

Má tá tú ag obair agus ag beathú cíche, tá tú i dteideal uair an chloig a ghlacadh saor ón obair (le pá) gach lá mar shos beathaithe cíche ar feadh suas le 2 bhliain (104 seachtaine) tar éis breithe. Is féidir an t-am seo a ghlacadh mar:

  • Sos amháin 60 nóiméad
  • Dhá shos 30 nóiméad
  • Trí shos 20 nóiméad

Féadfaidh sosanna a bheith níos faide agus níos minice ach sin a aontú idir an fostaí agus an fostóir.

Tá oibrithe páirtaimseartha i dteideal sosanna beathaithe cíche freisin, arna ríomh ar bhonn pro-rata.

Tá do cheart chun am saor leagtha amach faoin Alt 9 den Acht um Chosaint Mháithreachais (leasú) 2004, arna leasú ag An Acht um Chothromaíocht Oibre agus Saoil 2023.

NÓS IMEACHTA

Más mian leat leanúint ar aghaidh le beathú cíche nuair a fhilleann tú ar an obair, caithfidh tú d’fhostóir a chur ar an eolas (i scríbhinn) go bhfuil sé ar intinn agat dul i mbun beathaithe cíche ag an obair. 

Ba cheart é seo a dheimhniú 4 seachtaine ar a laghad roimh an dáta a bhfuil sé beartaithe agat filleadh ar an obair ó do shaoire mháithreachais. Féadfaidh fostóirí iarraidh ort teastas breithe an linbh (nó doiciméad éigin eile a dheimhníonn dáta breithe an linbh) a chur ar fáil.

Uasdátaithe: 25.03.2026.

Le hathbhreithniú: Mí Mhárta 2027

Roghnaigh do theanga / Choose your language