Site logo

Beartais Eile Saoire – Tuaisceart

 

Saoire Atharthachta

Saoire Atharthachta (Gnáthshaoire Atharthachta) Cloíonn an Eagraíocht leis na forálacha reachtúla maidir le pá agus saoire Atharthachta; tugtar achoimre ar na forálacha sin anseo thíos.

 

Chun a bheith incháilithe don ghnáthshaoire atharthachta, caithfidh an Comhalta Foirne a bheith ag dul ar saoire chun aire a thabhairt don pháiste mar dhuine acu seo:

 

Anuas air sin, caithfidh tú:

 

Caithfidh tú an méid seo a leanas a chur in iúl:

 

Pá agus Sochair i rith Gnáthshaoire Atharthachta

Dóibh siúd atá incháilithe, íoctar tuarastal iomlán thar tréimhse an tsaoire atharthachta. 

Ní théann asláithreacht ón obair mar gheall ar thréimhse Gnáthshaoire Atharthachta i bhfeidhm ar theidlíocht Comhalta Foirne do shaoire bhliantúil. Leanfar le do chonradh fostaíochta ina iomláine i gcaitheamh na tréimhse Gnáthshaoire Atharthachta seachas i gcás an ghnáthluacha saothair. A luaithe a tharlaíonn an bhreith nó an socrúchán, ba cheart duit do Bhainisteoir Líne a chur ar an eolas faoi dháta iarbhír na breithe/an tsocrúcháin, a luaithe agus is indéanta go réasúnta.

Caithfidh Comhalta Foirne atá ag dul ar shaoire atharthachta cóip de dheimhniú breithe nó uchtaithe an pháiste a sholáthar.

 

Saoire Uchtaithe

Cloíonn Glór na nGael leis na forálacha reachtúla maidir le pá agus saoire Uchtaithe; tugtar achoimre ar na forálacha sin anseo thíos.

Tá Comhalta Foirne i dteideal Saoire Uchtaithe sa chás gur mheaitseáil gníomhaireacht uchtaithe páiste leis an tuismitheoir, beag beann ar an bhfad seirbhíse. Níl ach tuismitheoir uchtála amháin i dteideal saoire uchtaithe.

 

Tá Comhaltaí Foirne i dteideal Saoire Uchtaithe 52 seachtain ina mbeidh:

 

Caithfidh an Comhalta Foirne Glór na nGael a chur ar an eolas laistigh de sheacht lá den mheaitseáil faoi dháta measta an tsocrúcháin agus an dáta ar a mbeartaítear an tsaoire uchtaithe a thosú.

Caithfidh Glór na nGael an Comhalta Foirne a chur ar an eolas faoi dháta deiridh aon saoire uchtaithe laistigh de 28 lá ó fhógra an Chomhalta Foirne a fháil.

Féadfaidh Comhaltaí Foirne an dáta a dtosaíonn a saoire uchtaithe nó atharthachta a athrú fad a thugann siad fógra 28 lá dá bhfostóir.

Caithfear Glór na nGael a chur ar an eolas ocht seachtaine sula bhfilltear ar an obair má tá an Comhalta Foirne ag filleadh roimh dheireadh na tréimhse saoire iomláine a cheadaítear.

 

Pá Uchtaithe

Chun cáiliú don phá reachtúil uchtaithe, caithfidh an Comhalta Foirne:

 

Íoctar Pá Reachtúil Uchtaithe ar feadh 39 seachtain, le pá na gcéad 26 seachtaine ag 100% den gnáththuarastal, móise 13 seachtain ag an ráta pá reachtúil móide 13 seachtain gan phá. 

Caithfidh an Comhalta Foirne Glór na nGael a chur ar an eolas 28 lá ar a laghad roimh an dáta a measann sé/sí go dtosóidh an dliteanas chun pá reachtúil uchtaithe a íoc.

 

Saoire do Thuismitheoirí

Cuireann Glór na nGael teidlíocht Saoire do Thuismitheoirí ar fáil do Chomhaltaí Foirne incháilithe a thagann leis an reachtaíocht atá i bhfeidhm i láthair na huaire. Tá na teidlíochtaí sin sa bhreis ar fhorálacha eile ar nós Saoire Mháithreachais agus Saoire Atharthachta.

Tá Comhaltaí Foirne i dteideal saoire do thuismitheoirí gan phá sa chás:

 

RAON NA TEIDLÍOCHTA

Féadfaidh tú dul ar saoire gan phá suas le 18 seachtaine le haghaidh gach páiste a chomhlíonann na coinníollacha cáilitheacha. Féadfaidh máithreacha agus aithreacha araon leas a bhaint as an teidlíocht iomlán le haghaidh saoire do thuismitheoirí le haghaidh gach páiste.

 

TEIDLÍOCHT

Ní Comhaltaí Foirne i dteideal saoire do thuismitheoirí ach sa chás:

 

D’fhéadfadh Glór na nGael fianaise réasúnta a iarraidh ar:

 

D’fhéadfaí fianaise a thabhairt mar fhaisnéis a thugtar i ndeimhniú breithe an pháiste nó páipéir a dheimhníonn uchtú an pháiste.

Caithfidh Glór na nGael tréimhse saoire a tógadh le fostóir roimhe sin a chur san áireamh, agus coimeádann Glór na nGael an ceart dul i dteagmháil leo chun a fháil amach ar tógadh aon saoire i leith an pháiste chéanna.

Ar an gcaoi chéanna, má iarrann fostóir an Chomhalta Foirne amach anseo ar Ghlór na nGael sonraí a thabhairt faoi aon tréimhse saoire do thuismitheoirí a thóg an Comhalta Foirne i leith an Pháiste, tabharfaidh Glór na nGael an t-eolas sin don fhostóir.

Mura dtógann an Comhalta Foirne a dteidlíocht iomlán faoi 18ú breithlá an pháiste, caillfear an teidlíocht. Is é an t-aon eisceacht leis sin má iarrann an Comhalta Foirne dul ar saoire ach nach raibh siad in ann mar gur chuir Glór na nGael an tsaoire a athlá.

 

SAOIRE DO THUISMITHEOIRÍ A CHUR IN IÚL

Caithfidh tú fógra a thabhairt do Ghlór na nGael go bhfuil sé i gceist agat dul ar shaoire do thuismitheoirí.

Caithfidh tú:

 

An tráth ar féidir dul ar shaoire do thuismitheoirí:

 

Ní fhéadfar dul ar shaoire do thuismitheoirí i dtréimhsí níos giorra ná seachtain amháin. Caithfear dul ar shaoire do thuismitheoirí i dtréimhsí seachtaine iomláine. Más mian leis an gComhalta Foirne dul ar saoire a mhairfidh níos lú ná seachtain amháin, comhairfear fós mar sheachtain iomlán óna dteidlíocht é. Sonraítear thíos an chaoi ar féidir le comhaltaí foirne dul ar shaoire do thuismitheoirí:

Ba cheart go mbeadh bearna deich seachtaine ar a laghad idir an dá thréimhse saoire do thuismitheoirí in aghaidh an pháiste.

 

CUR AR ATHLÁ

Féadfaidh Glór na nGael tréimhse na saoire do thuismitheoirí a iarradh a chur ar athlá (seachas má bhaineann an t-iarratas leis an tréimhse díreach i ndiaidh breith páiste nó socrúchán uchtaithe páiste) sna cúinsí seo a leanas: