Tá an polasaí seo ann lena léiriú go bhfuil Glór na nGael tiomanta do bhainistiú na hilchineálachta agus mar aitheantas ar dhearcadh na heagraíochta gur láidreacht í an ilchineálacht.
Tá feidhm ag an bpolasaí seo ar fud na heagraíochta.
Tá sé ina pholasaí ag Glór na nGael daoine a aithint ar an bpríomhacmhainn a bhfuil gá léi d’fhonn misean na heagraíochta a chur i gcrích go sásúil. Ag tacú leis an méid seo tá sé tábhachtach a mheabhrú gur féidir le difríochtaí idir daoine, bíodh na difríochtaí sin ag eascairt as cúlraí, pearsantachtaí, cultúir agus/nó cumais éagsúla a bheith ina láidreacht don eagraíocht. Tá an eagraíocht tiomanta freisin do chóiríocht chuí a sholáthar do dhaoine faoi mhíchumas, cibé acu an iarrthóir an duine sin atá ag lorg fostaíochta nó fostaí ag lorg áiseanna speisialta. Cuirfear cóiríocht réasúnta ar fáil ar an gcoinníoll nach bhfuil na bearta sin ag cur ualach díréireach ar Ghlór na nGael.
D’fhonn a chinntiú go n-urramaítear éagsúlacht san eagraíocht seo tá roinnt nósanna imeachta i bhfeidhm. Tá siad sin liostáilte thíos:
Nós Imeachta Gearáin – Tá an nós imeachta seo ann lena chinntiú gur féidir le haon fhostaí, a bhraitheann gur caitheadh leis/léi nó héagórach, an scéal a chur faoi bhráid na Bainistíochta d’fhonn scrúdú a dhéanamh ar an scéal agus réiteach a fháil air.